Nuacht & Imeachtaí

45,000 post nua i mbliana mar sprioc ag Plean Gníomhaíochta do Phoist 2017

Díreofar go láidir ar bhearta Brexit i bplean na bliana seo

1 Feabhra 2017

Sheol an Taoiseach Enda Kenny, i gcomhar leis an Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Mary Mitchell O’Connor, Plean Gníomhaíochta do Phoist 2017 inniu in oifigí an Lárionaid Náisiúnta Taighde Dhigitigh, a chuireann luathinfheistíocht ar fáil do chuideachtaí teicniúla, sa Mhol Digiteach.

Tugadh an Plean Gníomhaíochta do Phoist isteach in 2012 mar ionstraim lárnach de chuid an Rialtais a raibh d’aidhm aige tacú le cruthú post. Déantar pleananna nua a fhoilsiú gach bliain ina leagtar amach gníomhartha agus spriocanna a spreagfaidh dálaí dearfacha inar féidir fostaíocht a chruthú. Is é is bonn leis an tionscnamh Uile-Rialtais ná go n-oibreoidh Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais i gcomhpháirt lena chéile chun gníomhartha comhaontaithe a chur i bhfeidhm gach bliain.

Is é sprioc an phlean ná tacú le cruthú 200,000 glanphost sa bhreis faoi 2020. Tá beagnach 190,000 níos mó daoine fostaithe anois ná mar a bhí nuair a tugadh an chéad Phlean Gníomhaíochta isteach in 2012, agus tá an figiúr seo tar éis an bhunsprioc a shárú, is é sin, 100,000 post sa bhreis faoi 2016. De réir figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh a fógraíodh ar an Mháirt, tá figiúr dhífhostaíocht mhíosúil Eanáir 2017 tar éis ísliú go 7.1% ó 8.5% in Eanáir 2016, an ráta is ísle ó bhí 2008 ann. Tá ardú 10.6% sa mheán tagtha ar fhostaíocht ar fud na tíre agus tá 2 mhilliún duine ag obair faoi láthair.

Gné shuntasach a bhí le tabhairt san áireamh agus Plean Gníomhaíochta 2017 á dhearadh ná Brexit agus an timpeallacht trádála dhomhanda, atá de shíor ag athrú faoi láthair. Tá plean na bliana seo ina chroílár de fhreagairt an rialtais ar an olldhúshlán is toradh ar na hathruithe seo do ghnólachtaí – chun a chinntiú go bhfuil de theacht aniar inár mbonn fiontair chun déileáil leis na hathruithe atá romhainn.

Is ag APJ 2017 a bheidh deis againn don chéad uair freagairt Uile-Rialtais a leagan amach ar luaineacht na timpeallachta trádála idirnáisiúnta.

Mínítear sa Phlean Gníomhaíochta ár bhfreagairt ar Brexit i dtaca le trí réimse:

  • Táimid fós lántiomanta don AE, beidh sé fós chun ár leasa ó thaobh trádála agus infheistíochta de, agus beimid réidh faoi choinne cibé ar bith caidreamh nua trádála a bheidh ag an Ríocht Aontaithe leis an AE agus le hÉirinn.
  • Tá bearta á gcur i ngníomh láithreach chun déileáil leis an tionchar atá á imirt ag Brexit ar ghnólachtaí áirithe cheana féin. Áirítear leis na bearta sin €3 mhilliún sa bhreis d’Fhiontraíocht Éireann agus d’Údarás Forbartha Tionscail Éireann, a chuirfidh ar a gcumas 39 duine agus naonúr, faoi seach, a earcú, a oibreoidh sa mbaile agus in oifigí thar lear chun ár n-easpórtálacha a fhás agus chun infheistíocht a mhealladh; níos mó misin trádála chun éagsúlú easpórtála a chur chun cinn; agus sainbhearta de chuid Cháinaisnéis 2017 a chabhróidh le réimse an fhiontair, ullmhúcháin a dhéanamh don tréimhse atá díreach romhainn. Tá acmhainní á gcur i leataobh ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann d’fhorbairt Éireann mar shuíomh a mheallfaidh taighdeoirí iomráiteacha, taighdeoirí ón Ríocht Aontaithe san áireamh. Tá ar intinn againn déileáil sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma le dúshláin an iomaíochais, agus ár lorg trádála a éagsúlú sa chaoi go mbeimid in ann cur lenár láithreacht i margaí agus in earnálacha lárnacha. Tá straitéis nua trádála á forbairt againn, a bhfuil d’aidhm aici easpórtálacha a leabú sa Ríocht Aontaithe agus an sciar den mhargadh atá againn san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh, agus i margaí nua, a fhás. Cuirfimid bearta i bhfeidhm freisin chun táirgeacht a fheabhsú agus chun nuálaíocht a spreagadh, rud a chuirfidh le luach ár seirbhísí agus ár n-easpórtálacha.

Mar aon le Brexit, seo a leanas na bearta atá sainithe againn:

  • Tionscnamh Airgeadais Easpórtála, ina mbeifear ag obair i gcomhar leis an Roinn Airgeadais/Corparáid Baincéireachta Straitéisí na hÉireann chun tacaíocht a chur ar fáil do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide atá dírithe ar easpórtálacha; triail den tionscnamh le reáchtáil in 2017
  • Nuálaíocht 2020 – spriocanna a chuimsíonn infheistíocht €600 milliún ar thaighde, fhorbairt agus nuálaíocht (TFN) ó fhiontair um infheistíocht dhíreach eachtrach. Fiontraíocht Éireann le tacaíocht a sholáthar do 100 tionscadal tábhachtach TFN, mar aon le tacaíocht do 850 tionscadal comhoibríoch arna mbainistiú ag fiontair
  • Nuálaíocht san Ionad Oibre, lena n-áirítear sraith straitéisí a sheolfar d’fhostóirí agus d’fhostaithe chun go rachaidh siad i mbun nuálaíochta san ionad oibre, chomh maith le seoladh cláir thrialaigh
  • Clár Tacaíochta Miondíola, lena n-áirítear oiliúint a ceapadh chun tacú le miondíoltóirí, níos mó trádála a dhéanamh ar líne agus a ngnó a mhéadú i margaí idirnáisiúnta
  • Seoladh tionscnamh Design4Growth (Dearadh d’fhonn Fáis) i gceantair áirithe
  • Seoladh Ciste Tosaigh iomaíoch d’fhiontraithe mná
  • Forbairt cur chuige Uile-Rialtais chun deiseanna a thapú sa gheilleagar digiteach i ngach earnáil, a chuimsíonn cruinniú mullaigh do pháirtithe leasmhara in R1
  • Bearta éagsúla atá dírithe ar thacú le fiontraíocht shinsearach, ar mhná a mhealladh ar ais ag obair, agus orthu siúd atá dífhostaithe le fada
  • Triail ‘Think Small First’ (na Rudaí Beaga ar dTús) do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide, triail atá dírithe ar rialacháin a cheapadh chun maorlathas a laghdú.

Agus é ag labhairt ag seoladh an lae inniu, dúirt an Taoiseach, Enda Kenny: "Leagann Plean Gníomhaíochta do Phoist 2017 amach freagairt an Rialtais ar dhúshláin na timpeallachta seachtraí neamhchinnte trí chinntiú go bhfanfaidh ár ngeilleagar inbhuanaithe, iomaíoch agus láidir. Díreoimid ar na bunrudaí a dhéanamh i gceart, lena n-áireofar ár n-iomaíochas a fheabhsú, ár scileanna a chur in oiriúint do riachtanais an mhargaidh oibre, nuálaíocht a spreagadh, fiontar a chur chun cinn, agus maoiniú a chinntiú ar chostas iomaíoch chun tacú agus bonn a chur lenár bhfás. Ní mór dúinn cur lenár láidreacht trádála, agus cabhróimid lenár bhfiontair uaillmhianacha a margaí a éagsúlú trí mhéadú suntasach ar mhisin trádála faoi mhaoirseacht na nAirí in 2017. Beimid i gcónaí airdeallach ar athruithe seachtracha a bhféadfadh tionchar nach beag a bheith acu ar fholláine ár ngeilleagair, agus ní chuirfimid am ar bith amú maidir leis na hathruithe sin a thuar agus déileáil leo". Dúirt an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Mary Mitchell O’Connor: “Tá tábhacht thar na bearta ag baint le Plean Gníomhaíochta na bliana seo, i bhfianaise Brexit agus na ndúshlán eile atá romhainn maidir lenár dtimpeallacht trádála seachtraí. Táimid fós tiomanta ár ngeilleagar a chlaochlú sa chaoi go mbeidh sé bunaithe ar nuálaíocht agus ar fhás arb í easpórtáil is bonn leis, agus leagtar freagairtí gearrthéarmacha agus meántéarmacha síos i bPlean Gníomhaíochta do Phoist 2017 ar luaineacht na timpeallachta trádála agus infheistíochta níos leithne. Má chuirtear an Plean Gníomhaíochta i bhfeidhm go héifeachtúil, tá mé cinnte dearfa go dtacóidh sé le gnóthais i ngach earnáil agus i ngach réigiún, 45,000 post sa bhreis a chur ar fáil in 2017, rud a dhaingneoidh an sprioc atá againn, dífhostaíocht iomlán a chur i gcrích agus breis is 200,000 duine a chur ag obair faoi 2020. Tá éirithe go hiontach leis na Pleananna Gníomhaíochta um Sholáthar Post, agus tá an cur chuige Uile-Rialtais tar éis tacú le cruthú 40,000 post sa mheán gach bliain ó tugadh an Plean isteach."  

Agus é ag labhairt ag an seoladh, dúirt an tAire Stáit um Fhostaíocht agus Gnóthais Bheaga, Pat Breen: "Is cnámh droma gheilleagar na hÉireann iad na gnóthais bheaga, agus tá éacht á dhéanamh acu maidir leis an téarnamh geilleagrach i ngach réigiún den tír. Mar Aire Stáit um Fostaíocht agus Ghnóthais Bheaga, is mian liom a chinntiú go mbeimid ar theann ár ndíchill ag tacú le gnóthais trí mhaorlathas agus costais a laghdú, trí mhaoiniú ísealchostais a sholáthar agus trí rochtain níos fearr a chur ar fáil maidir le deiseanna soláthair phoiblí."

Dúirt an tAire Stáit um Oiliúint, Scileanna agus Nuálaíocht, John Halligan: "Cuireann Plean Gníomhaíochta do Phoist 2017 athbhéim ar a thábhachtaí is atá ról na scileanna agus na nuálaíochta maidir le cruthú post, rud atá níos ábhartha fós anois i gcomhthéacs Brexit. Mar Aire Stáit um Oiliúint, Scileanna agus Nuálaíocht, beidh mé ag obair go dian chun an sprioc a leagadh síos i Nuálaíocht 2020 a bhaint amach, is é sin, go mbeidh Éire mar Cheannaire Nuálaíochta Domhanda, agus go mbeidh cáil orainn ar bhonn idirnáisiúnta as sárchaighdeán ár ndaoine agus ár smaointe"

Tá níos mó eolais ar fáil ach dul i dteagmháil leis an bPreasoifig, An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, teil. 6312200 nó press.office@djei.ie

CRÍOCH

Nótaí d’eagarthóirí:

https://www.djei.ie/en/Publications/Action-Plan-for-Jobs-2017.html