Nuacht & Imeachtaí

Iarrann an tAire Breen ar thomhaltóirí dul ag siopadóireacht go háitiúil ar Shatharn na nGnólachtaí Beaga

Satharn na nGnólachtaí Beaga, 2 Nollaig 2017

Agus fáilte á cur aige roimh sheoladh an fheachtais feasachta maidir le Satharn na nGnólachtaí Beaga ag an Taoiseach agus Feabhas Miondíola Éireann, dúirt an tAire Stáit do Thrádáil, Fostaíocht, Gnó, Margadh Aonair Digiteach an AE agus Cosaint Sonraí, Pat Breen T.D.:

"Is iad gnólachtaí beaga miondíola croílár gach baile agus sráidbhaile ar fud na hÉireann. Is í seo an ceathrú bliain den tionscnamh ar a dtugtar Satharn na nGnólachtaí Beaga atá á reáchtáil ag Feabhas Miondíola Éireann, a spreagann tomhaltóirí le tacaíocht a thabhairt dá miondíoltóirí áitiúla, go háirithe le linn tréimhse ghnóthach na Nollag. Agus níos mó ná fostaí amháin as gach ochtar ag obair san earnáil mhiondíola in Éirinn, tá sé tábhachtach go dtacaímid le miondíoltóirí áitiúla agus le poist áitiúla."

Tacaíonn Feabhas Miondíola Éireann le feachtas Satharn na nGnólachtaí Beaga in Éirinn agus cuireann sé chun cinn é. Tugann sé cuntas ar ghnólachtaí beaga agus spreagann sé tomhaltóirí le dul ag siopadóireacht go háitiúil agus tacú le poist agus le fiontair sa phobal.

Dúirt an tAire Breen: "Níos luaithe i mbliana, sheol an Fóram Comhairliúcháin Miondíola, faoi chathaoirleacht na Roinne Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, an Creat um Athnuachan Lárbhailte. Tá ról tábhachtach ag an gCreat seo maidir le bailte agus sráidbhailte ar fud na tíre a athnuachan. Tacaíonn earnáil bhríomhar mhiondíola le bailte agus le pobail bhríomhara agus cabhraíonn sí leo bheith ina gceantair níos tarraingtí le cónaí iontu, le hinfheistiú iontu agus le cuairt a thabhairt orthu. Spreagann tionscnaimh cosúil le Satharn na nGnólachtaí Beaga custaiméirí le dul ag siopadóireacht i mbailte agus i sráidbhailte ar fud na tíre. Ach tacú le miondíoltóirí áitiúla um Nollaig, agus an bhliain ar fad, tacaíonn sé le poist áitiúla." 

Dúirt Leas-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Fheabhas Miondíola Éireann, Lorraine Higgins, "Tá sé tábhachtach go n-aithnímid an tionchar ollmhór atá ag gnólachtaí beaga ar ár ngeilleagar, go náisiúnta agus go háitiúil. Agus 37,400 gnólacht agus 282,000 post ag brath ar an tionscal, tá tionscnaimh cosúil le Satharn na nGnólachtaí Beaga ríthábhachtach chun tomhaltóirí a spreagadh le dul ag siopadóireacht go háitiúil agus le tacú le miondíoltóirí in Éirinn. Teastaíonn uainn go dtuigfeadh tomhaltóirí go bhféadfadh a n-athrú beag difríocht mhór a dhéanamh ar Shatharn na nGnólachtaí Beaga ina ngeilleagar áitiúil. Is amhlaidh atá mar gur fiú €40 gach €10 a chaitear go háitiúil ó thaobh fostaíochta faoi thacaíocht agus pobal faoi thacaíocht de agus chun cabhrú leis an ngnólacht leanúint air ag feidhmiú ó cheann ceann na bliana.

Is príomhbhall é Feabhas Miondíola Éireann den Fhóram Comhairliúcháin Miondíola. Soláthraíonn an Fóram ardán le haghaidh rannpháirtíocht struchtúrtha idir comhlachtaí ionadaíocha miondíola, miondíoltóirí, Ranna Rialtais agus comhlachtaí earnála poiblí.

Nótaí d’Eagarthóirí:

Satharn na nGnólachtaí Beaga in Éirinn

Feachtas pobail, neamhpholaitiúil, neamhthráchtála a bhí i Satharn na nGnólachtaí Beaga ar dtús, rud a leagann béim ar rath gnólachtaí beaga agus a spreagann tomhaltóirí le dul ag siopadóireacht go háitiúil agus le tacú le gnólachtaí beaga sa phobal. Bíonn an lá é féin ar siúl ar an gcéad Satharn siopadóireachta i mí na Nollag - Dé Sathairn, 2 Nollaig atá ann i mbliana. Don cheathrú bliain as a chéile, tá Feabhas Miondíola Éireann ag tacú le agus ag cur an tionscnaimh chun cinn in Éirinn. Sheol an Taoiseach agus Feabhas Miondíola Éireann an feachtas feasachta do Shatharn na nGnólachtaí Beaga an tseachtain seo.

An Fóram Comhairliúcháin Miondíola

Bunaíodh an Fóram Comhairliúcháin Miondíola faoin bPlean Gníomhaíochta do Phoist 2014 chun ardán le haghaidh rannpháirtíocht struchtúrtha a sholáthar idir an earnáil mhiondíola agus na Ranna Rialtais cuí. Tá an Fóram faoi chathaoirleacht na Roinne Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta.

Is iad seo a leanas cuid de bhaill an Fhóraim Chomhairliúcháin Miondíola; roinnt Ranna agus Comhlachtaí Rialtais ábhartha, miondíoltóirí ón earnáil mhiondíola atá ag cleachtadh agus réimse comhlachtaí ionadaíocha, Feabhas Miondíola Éireann, Retail Ireland, Comhlachas Miondíoltóirí, Earraí Grósaeireachta agus Déiríochta agus a gComhthrádálaithe, CSNA, Chambers Ireland, Gnóthais Bheaga agus Mheánacha na hÉireann, Comhlachas na nGnólachtaí Beaga, Cumann Crua-earraí na hÉireann, Aontas Cógaiseoirí na hÉireann agus Dublin Town san áireamh.

Tá sé mar aidhm ag an bhFóram Comhairliúcháin Miondíola gníomhartha praiticiúla, a d'fhéadfadh an Rialtas nó lucht an tionscail féin a dhéanamh, a aithint chun tacú leis an earnáil. Mar aitheantas ar an ról ríthábhachtach atá ag an earnáil mhiondíola i dtaca le lárbhailte bríomhara a chruthú agus tacú le poist áitiúla, d'fhorbair grúpa oibre, a bunaíodh faoin bhFóram Comhairliúcháin Miondíola, an Creat um Athnuachan Lárbhailte a seoladh in Aibreán 2017. Leagann an Creat plean gníomhaíochta praiticiúil céim ar chéim amach do pháirtithe leasmhara le go n-oibreoidh siad i gcomhar le chéile chun a mbaile nó a sráidbhaile áitiúil a fheabhsú.

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil leis an bPreasoifig, An Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta ar 01-6312200 nó press.office@dbei.gov.ie