Nuacht & Imeachtaí

Cuireann an tAire tomhaltóirí san airdeall ar athruithe ar an tsiopadóireacht ar líne leis an Ríocht Aontaithe

Chuir an tAire Stáit do Chur Chun Cinn na Trádála, Cúrsaí Digiteacha agus Rialú Cuideachtaí, Robert Troy TD, i gcuimhne do thomhaltóirí na hÉireann inniu (Dé Céadaoin, 6 Eanáir) na hathruithe nua a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh an mhiondíola ar líne faoin gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, a cuireadh i gcrích le déanaí.

Dúirt an tAire Troy: “Táimid ag feidhmiú faoi rialacha nua maidir leis an trádáil ar líne agus ba mhaith liom meabhrú do thomhaltóirí na hÉireann a bheith san airdeall ar chostais bhreise a d’fhéadfadh a bheith i gceist agus ar theidlíochtaí athraithe agus iad ag ceannach ó mhiondíoltóirí ar líne de chuid na Ríochta Aontaithe.”

“Is iad na príomhchúiseanna imní do thomhaltóirí na costais bhreise a d’fhéadfaí a ghearradh orthu trí tháillí CBL agus Custam ag brath ar luach agus ar thionscnamh na n-earraí atá i gceist.  Tá roinnt miondíoltóirí ar líne ag cur tomhaltóirí san airdeall ar na hathruithe seo agus tá na táillí breise seo á gcur san áireamh sa phraghas deiridh ag cuid de na miondíoltóirí seo. Ní mór do thomhaltóirí polasaithe na miondíoltóirí a sheiceáil, áfach, chomh maith le táillí breise a d’fhéadfadh an chuideachta seachadta a ghearradh maidir le bailiú táillí, mar shampla”, arsa an tAire.

Dúirt an tAire gur chóir do thomhaltóirí na hÉireann a bheith san airdeall ar na nithe seo a leanas:

  • ní bhíonn ach earraí a chruthaítear go bhfuil siad de thionscnamh na Ríochta Aontaithe saor ó tharaifí
  • d’fhéadfaí dleacht chustam a ghearradh ar earraí a cheannaítear ón Ríocht Aontaithe a chosnaíonn níos mó ná €150, ach nach bhfuil de thionscnamh na Ríochta Aontaithe
  • gearrfar CBL na hÉireann ar earraí a cheannaítear sa Ríocht Aontaithe agus a chosnaíonn níos mó ná €22
  • sa chás go ngearrtar CBL na Ríochta Aontaithe ar earraí a ceannaíodh, beidh CBL na hÉireann fós i gceist nuair a allmhaireofar an t-earra/na hearraí chun na hÉireann.
  • Má ghearrtar CBL na Ríochta Aontaithe ar thomhaltóir in Éirinn, ba chóir don tomhaltóir aisíocaíocht ar an CBL a iarraidh ar an soláthraí.

 Dá bharr sin, d’athdhearbhaigh an tAire nach mór do thomhaltóirí na hÉireann a bheith san airdeall ar na nithe seo a leanas:

  • ní bhíonn an áisiúlacht agus na cosaintí a bhíodh againn mar thomhaltóirí AE i gceist go huathoibríoch níos mó agus muid ag ceannach ó mhiondíoltóirí ar líne de chuid na Ríochta Aontaithe (d’fhág an Ríocht Aontaithe Margadh Aonair an AE an 1 Eanáir 2021 go hoifigiúil) agus;
  • ní bhaineann reachtaíocht an AE maidir le cosaint tomhaltóirí, a chuirtear i bhfeidhm ar earraí a cheannaítear i Margadh Aonair an AE, le hearraí a cheannaítear sa Ríocht Aontaithe.  Ina ionad sin, braithfidh tomhaltóirí ar reachtaíocht na Ríochta Aontaithe maidir le cosaint tomhaltóirí má tá fadhb acu le ceannachán.

Dúirt an tAire Troy freisin: “Ba mhaith linn go mbainfidh tomhaltóirí in Éirinn tairbhe as an tsiopadóireacht ar líne leis an Ríocht Aontaithe fós agus í ar cheann de na páirtithe trádála is mó atá againn, ach mholfainn do thomhaltóirí na hÉireann smaoineamh chun cinn agus iad ag ceannach ó mhiondíoltóirí ar líne lasmuigh den AE agus cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (ccpc.ie) chun eolas soiléir agus úsáideach a fháil ar tháillí agus ar chearta tomhaltóirí. Tá naisc úsáideacha ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim freisin (revenue.ie), ar a dtugtar eolas ríthábhachtach do thomhaltóirí na hÉireann a bhfuil sé ar intinn acu earraí a cheannach ar líne lasmuigh de mhargadh aonair an AE”.

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh go dtí:

revenue.ie/ga/customs-traders-and-agents/brexit/brexit-for-individuals/buying-goods-online.aspx

An Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí

Nótaí do na hEagarthóirí:

Bíonn gach earra a allmhairítear ó thír neamh-AE, an Ríocht Aontaithe san áireamh (seachas Tuaisceart Éireann), faoi réir foirmiúlachtaí custam ón 1 Eanáir agus meastar le haghaidh Dleachta Custam agus CBL iad. Ag brath ar na cineálacha earraí agus ar an luach atá orthu, d’fhéadfaí táillí a ghearradh orthu, lena n-áirítear dleachtanna custam, CBL agus dleachtanna máil. Íoctar Dleacht Mháil ar tháirgí alcóil agus tobac agus níl aon bhaint aici le Dleacht Chustam.

Seo a leanas na rialacha ginearálta agus na luachanna gaolmhara:

  1. Ní ghearrtar táillí breise nuair atá rud á cheannach agus luach €22 nó níos lú air. Ón 1 Eanáir, ní íocann tomhaltóirí Dleacht Chustam nó CBL más ionann luach na n-earraí (seoladh, seachadadh, árachas agus táillí láimhseála san áireamh) agus €22 nó níos lú; Ón 1 Iúil, áfach, beidh ar thomhaltóirí CBL a íoc ar gach earra, is cuma an luach atá air, mar go dtiocfaidh athruithe ar rialacha CBL an AE maidir leis an Ríomhthráchtáil i bhfeidhm ag an am sin.
  2. Íoctar CBL nuair atá rud á cheannach agus luach níos mó ná €22 air. Caithfidh tomhaltóirí CBL a íoc má tá luach na n-earraí (seoladh, seachadadh, árachas agus táillí láimhseála san áireamh) níos mó ná €22;
  3. Íoctar Custaim agus CBL nuair atá rud á cheannach agus luach níos mó ná €150 air. Caithfidh tomhaltóirí Dleacht Chustam agus CBL a íoc má tá luach na n-earraí (seoladh, seachadadh, árachas agus táillí láimhseála san áireamh) níos mó ná €150