Nuacht & Imeachtaí

Taistealaíonn an tAire Breen go dtí an Eastóin chun an Breatimeacht agus an Margadh Aonair a phlé

8 Bealtaine 2017

Tá an tAire d’Fhostaíocht agus Gnóthais Bheaga, Pat Breen TD, san Eastóin inniu (Dé Luain, 8 Bealtaine) le haghaidh sraith cruinnithe déthaobhacha lena chomh-airí AE. Is cuid de chlár leanúnach plé ag Airí Rialtais na hÉireann le Ballstáit AE iad na cruinnithe seo agus iad ag iarraidh cur le feasacht ar thionchar uathúil an Bhreatimeachta ar Éirinn agus tuairimí na mBallstát eile i leith an Bhreatimeachta a chloisteáil. Bhí 400 cruinniú ag Rialtas na hÉireann go dtí seo leis na Ballstáit AE atá fágtha agus leis na hinstitiúidí AE maidir leis an mBreatimeacht.

I gcaitheamh chuairt an Aire, bhuail sé le Urve Palo, Aire Fiontraíochta agus Teicneolaíochta Faisnéise na hEastóine, agus le Jevgeni Ossinovski, an tAire Sláinte agus Saothair.

Bhain an tAire Breen leas as na cruinnithe sin chun breac-chuntas a thabhairt ar thionchar suntasach an Bhreatimeachta ar Éirinn, agus thug sé le fios gurb í Éire an Ballstát is mó a rachaidh imeacht na Ríochta Aontaithe i bhfeidhm uirthi.

Chomh maith leis sin, phléigh an tAire saincheisteanna níos leithne a bhaineann le Margadh Aonair an AE, chomh maith le huachtaránacht na hEastóine ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh a bheidh ag tosú i mí Iúil. Leag an tAire béim ar thiomantas na hÉireann don AE agus dúirt sé gur cuid lárnach dár ngeilleagar oscailte iomaíoch fós é muid a bheith inár mball den AE agus gur leag sé sin an dúshraith síos do mhórán den dul chun cinn sóisialta atá déanta againn le daichead bliain anuas.       

Dúirt an tAire Breen, “Mar Aire ar a bhfuil freagracht as earnáil na nGnóthas Beag, tá sé tábhachtach go mbeidh ár gcomhpháirtithe AE go léir ar an eolas faoi na dúshláin uathúla atá roimh ghnó na hÉireann de bharr an Bhreatimeachta. Tugann na cruinnithe seo deis dom freisin foghlaim faoi thionchar an Bhreatimeachta ar earnáil na fiontraíochta inár gcomh-Bhallstáit AE. Ar deireadh thiar, is é an bealach chun cinn is fearr do na 27 Ballstát atá fágtha chun na dúshláin atá romhainn a shárú ná AE athnuaite agus Margadh Aonair láidir.

Thapaigh an tAire Breen an deis freisin chun bualadh le Gréasán Gnó na hÉireann-na hEastóine chun cloisteáil dó féin faoina gcuid iarrachtaí an caidreamh trádála idir Éire agus an Eastóin a chur chun cinn, agus le Start-Up Estonia chun tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi a bhfuil éiceachóras teicniúil na hEastóine ag obair, agus chun eolas a roinnt maidir le hearnáil SME na hÉireann.

CRÍOCH

Chun tuilleadh eolas a fháil, téigh i dteagmháil le: An Phreasoifig, An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, guthán 6312200 nó press.office@djei.ie