Nuacht & Imeachtaí

An Scéim Ráthaíochta Creidmheasa ag tacú le Gnóthais Bheaga agus Mheánmhéide na hÉireann le níos mó ná €84m d’iasachtaí – an tAire Pat Breen 

3,290 post cruthaithe nó coinnithe i saolré na Scéime Ráthaíochta Creidmheasa

Chuir an tAire Stáit ag an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, an tUasal Pat Breen T.D., fáilte inniu roimh an Tuarascáil Ráithiúil is déanaí (R4 de 2017) ó Chorparáid Baincéireachta Straitéisí na hÉireann maidir le hoibriú na Scéime Ráthaíochta Creidmheasa do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide (SMEanna) thar ceann an Stáit.

Léirítear sa Tuarascáil is déanaí gur faomhadh saoráidí na Scéime Ráthaíochta Creidmheasa do 28 SME Éireannach in R4 de 2017 le haghaidh níos mó ná €4.9 milliún de mhaoiniú a chruthóidh nó a choinneoidh 125 post Éireannach.

Ó cuireadh tús leis an Scéim Ráthaíochta Creidmheasa i mí Dheireadh Fómhair 2012, faomhadh 530 saoráid arbh fhiú €84.4 milliún ar fad iad. Táthar ag tacú le 3,290 post, nó á gcoinneáil, dá bharr sin.

Is éard a bhí le rá ag an Aire Breen inniu faoi fhoilsiú na Tuarascála Ráithiúla is déanaí:

“Is cúis áthais dom go bhfuil an Scéim Ráthaíochta Creidmheasa fós ag tacú le SMEanna na hÉireann i ngach réigiún, i 16 earnáil den gheilleagar. Tá os cionn €84m de shaoráidí faofa ag tacú le 3,290 post anois. Molaim d’oibreoirí SME atá ag lorg airgeadais féachaint ar an Scéim Ráthaíochta Creidmheasa go bhfeice siad an í sin an rogha cheart chun a ngnóthas a mhéadú.”

CRÍOCH

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil leis an bPreasoifig, An Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta: press.office@dbei.gov.ie nó guthán: 01 6312200

Nótaí d'eagarthóirí

An Scéim Ráthaíochta Creidmheasa do SMEanna, R4 2017

Cuireann an Rialtas an Scéim Ráthaíochta Creidmheasa ar fáil tríd an Aire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta le go mbeifear in ann iasachtaí a thabhairt do mhicreaghnóthais inmharthana agus do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide (SMEanna) inmharthana nach dtabharfadh iasachtóirí iasacht dóibh toisc nach bhfuil a ndóthain comhthaobhachta acu do na saoráidí breise agus/nó don fhás/leathnú, nó SMEanna a meastar, de bharr a n-earnála, a margaí nó a múnla gnó, go bhfuil riosca níos airde ag baint leo, faoi na cleachtais atá ann faoi láthair chun meastóireacht a dhéanamh ar riosca creidmheasa. Is féidir úsáid a bhaint as an Scéim chun athairgeadú a éascú mura bhfuil banc an SME sásta an creidmheas a lorgaítear a shíneadh nó a chur ar fáil nó má dhíol an banc fiacha an SME le tríú páirtí.

Cuireann an Scéim ar chumas an iasachtaí teacht ar airgeadas nach mbeadh ar fáil murach sin.  Íocann an t-iasachtaí cuid de chostas na Scéime trí phréimh suas le 2% ar iarmhéid bliantúil gan íoc na Saoráide Scéime a íoc leis an Aire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta.