Nuacht & Imeachtaí

Fógraíonn Tánaiste go bhfuil Comhair Chreidmheasa Metamo chun Páirt a ghlacadh i Scéim Iasachta Tionchair an Bhreatimeachta

Scéim €330m ar fáil anois trí chomhair chreidmheasa 

Iasachtaí ar chostas íseal ó €25,000 go €1.5 milliún ar feadh suas le sé bliana 

 D'fhógair an Tánaiste agus an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar TD agus an tAire Talmhaíochta, Bia & Mara, Charlie McConalogue TD in éineacht le Joe O'Toole, Cathaoirleach Ghrúpa Comhar Creidmheasa Metamo agus Alan Kelly, Príomhfheidhmeannach Metamo inniu seoladh Scéim Iasachta Tionchair an Bhreatimeachta (BILS) trí chúig chomhar creidmheasa Metamo.  

Tagann an Scéim Iasachta Tionchair an Bhreatimeachta i gcomharbacht ar Scéim Iasachta an Bhreatimeachta agus soláthróidh sí suas le €330m in iasachtaí ar chostas íseal do ghnólachtaí incháilithe a raibh tionchar ag an mBreatimeacht orthu. Cé go raibh an scéim a bhí ann roimhe seo ar fáil trí bhainc rannpháirteacha, beidh BILS ar fáil anois trí chomhair chreidmheasa rannpháirteacha, ag cinntiú inrochtaineacht níos leithne ar an scéim. Tá an scéim inrochtana cheana féin trí Bhanc na hÉireann agus AIB. Tá iasachtaí faoin scéim ar feadh téarmaí suas le sé bliana agus chun críocha infheistíochta agus caipitil oibre agus cuideoidh siad le gnólachtaí agus iad ag freagairt do na hathruithe agus na dúshláin a tharla dá dtimpeallacht trádála mar gheall ar an mBreatimeacht. 

Is í Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (SBCI) a oibríonn an scéim agus seachadtar í trí iasachtóirí rannpháirteacha. Tá sé á thacú ag frithráthaíocht ó Ghrúpa na mBanc Eorpach Infheistíochta.

Dúirt an Tánaiste agus an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar TD:  

“Tá a fhios agam go bhfuil caidreamh pearsanta ag go leor úinéirí gnó lena gcomhar creidmheasa áitiúil agus tá muinín agam astu maidir le comhairle agus seirbhísí agus mar sin táim thar a bheith sásta gur shocraigh Comhair Chreidmheasa Metamo a bheith páirteach i Scéim Iasachta Tionchair an Bhreatimeachta nuashonraithe. Dá mhéad iasachtóirí a ghlacann páirt, is mó roghanna a bheidh ag gnólachtaí." 

Dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD: 

“Fáiltím roimh rannpháirtíocht ghrúpa comhair chreidmheasa Metamo i Scéim Iasachta Tionchair an Bhreatimeachta. Mar iasachtóirí pobail tugann siad rogha níos mó d’fheirmeoirí, d’iascairí agus do ghnólachtaí bia chomh maith le FBManna eile, ag cinntiú go leathnaíonn an foinse airgeadais thábhachtach seo chomh fada agus is féidir ar fud na tíre." 

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Airgeadais, Séan Fleming: 

“Tá an Rialtas tiomanta do thacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí a bhfuil deacrachtaí acu mar thoradh ar an mBreatimeacht. Ciallaíonn seoladh Metamo inniu go mbeidh Scéim Iasachta Tionchair an Bhreatimeachta agus Scéim Ráthaíochta Creidmheasa COVID-19 araon ar fáil ó Chomhair Chreidmheasa roghnaithe timpeall na tíre. Leagann sé béim freisin ar obair Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann chun iasachtaí a leathnú níos faide ná na bainc mhiondíola. Ciallaíonn sé sin go mbeidh níos mó gnólachtaí in ann teacht ar iasachtaí ar chostas íseal ó Chomhair Chreidmheasa agus ar an gcaoi sin foinsí caipitil malartacha a sholáthar." 

Dúirt Joe O'Toole, Cathaoirleach Ghrúpa Comhar Creidmheasa Metamo: 

“Tá ríméad orainn gur cheadaigh an Rialtas cúig Chomhar Creidmheasa Metamo mar na chéad iasachtóirí pobalbhunaithe chun páirt a ghlacadh ina Scéim Iasachta Tionchair (BILS) nua. Beidh ról ríthábhachtach ag na hiasachtaí gearrthéarmacha agus meántéarmacha seo maidir le cuidiú le micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide agus príomhtháirgeoirí déileáil le tionchar airgeadais an Bhreatimeachta ar a ngnólachtaí faoi seach. 

Is céim fhorásach eile í rannpháirtíocht leis an scéim seo do Ghrúpa Comhar Creidmheasa Metamo agus muid ag leanúint ar aghaidh ag leathnú gníomhaíochta comhair chreidmheasa san earnáil seirbhísí airgeadais níos leithne. Tá neart taithí againn a bheith ag tacú le gnólachtaí áitiúla, is comharsana agus cairde linn iad. Táimid ag tnúth le bheith ag obair leo inár bpobal agus muid ag neartú ár gcaidrimh láidre inbhuanaithe leis na gnólachtaí seo sa todhchaí." 

Dúirt Alan Kelly, Príomhfheidhmeannach Metamo: 

“Is dea-scéal é rannpháirtíocht Metamo sa scéim Iasachta nua seo do na cúig Chomhar Creidmheasa a roghnaíodh agus do na pobail a bhfreastalaíonn siad orthu. Fágann sé sin gur ionann agus 10 líon na gComhar Creidmheasa Metamo atá bainteach le scéimeanna SBCI agus leagann sé béim ar an dul chun cinn ollmhór atá á dhéanamh ag an nGrúpa. Tá sé beartaithe againn leanúint ar aghaidh ag forbairt ár gcumas iasachtaithe gnó d’fhonn tacaíocht do bhaill ár gComhar Creidmheasa a dhoimhniú.  

Baineann samhail Metamo le cumhacht an chomharghnó a úsáid chun níos mó deiseanna a thabhairt dár gComhair Chreidmheasa agus dá mbaill. Is iad fíorbhuaiteoirí fhógra an lae inniu na gnólachtaí beaga a chabhróidh ár gComhair Chreidmheasa tríd an scéim nua seo in áiteanna ar fud na hÉireann." 

Dúirt June Butler, POF SBCI: 

“Fáiltíonn an SBCI roimh chuimsiú chúig Chomhar Creidmheasa Metamo sa Scéim Iasachta Tionchair nua feabhsaithe (BILS). Cuideoidh an cuimsiú seo leis an iomaíocht i margadh airgeadais na hÉireann a leathnú tuilleadh agus rochtain níos fearr a thabhairt do FBManna ar sholáthraithe airgeadais áitiúla. Leanfaidh an scéim seo, trína hiasachtóirí ar nós Metamo, ag tacú agus ag cabhrú le níos mó FBManna, feirmeoirí agus iascairí Éireannacha rochtain a fháil ar airgeadas solúbtha ar chostas íseal agus iad ag freagairt d’iarmhairtí leanúnacha an Bhreatimeachta agus na ndúshlán nua atá roimh go leor FBManna, sna blianta amach romhainn, de réir mar a thugann an RA rialuithe teorann isteach." 

CRÍOCH 

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR 

Soláthraíonn Scéim Iasachta Tionchair an Bhreatimeachta iasachtaí ar chostas íseal do ghnóthaí Éireannacha a bhfuil tionchar ag an mBreatimeacht orthu, lena n-áirítear iad siúd sna príomhearnálacha talmhaíochta agus bia mara. Cuireann an scéim ciste suas le €330m ar fáil do ghnóthaí incháilithe a bhfuil suas le 499 fostaí iontu. 

Gnéithe iasachta:  

  • Iasachtaí idir €25,000 agus €1.5m 
  • Téarmaí iasachta ó 1-6 bliana 
  • Iasachtaí suas le €500,000 ar a laghad ar fáil neamhurraithe 

 

Is féidir iasachtaí a úsáid le haghaidh: 

  • Leachtacht/Caipiteal Oibre 
  • Árachas 
  • Athmhaoiniú 100% ar iasachtaí reatha na Scéime Iasachta Breatimeachta 
  • Athmhaoiniú creidmheasa gearrthéarmach atá ann cheana, suas le huasmhéid 30% den iasacht nua 

 

Gnóthaí atá incháilithe don scéim: 

  • Tá an scéim seo ar fáil do FBManna incháilithe agus do ghnóthaí beaga meánchaipitlithe, lena n-áirítear príomhtháirgeoirí (gnóthaí atá ag gabháil d’fheirmeoireacht agus d’iascaireacht), a bunaíodh in Éirinn. 
  • Caithfidh go raibh drochthionchar 15% ar a laghad ar ghnóthaí i láimhdeachas nó brabús iarbhír nó réamh-mheasta mar gheall ar thionchar an Bhreatimeachta. 

 

Soláthraítear iasachtaí faoin scéim ag rátaí úis níos ísle ná mar a bhíonn ar fáil de ghnáth ar iasachtaí comhchosúla sa mhargadh agus athraíonn siad de réir an iasachtóra. Roinntear iasachtóirí atá rannpháirteach sa scéim ina dhá chohórt. Ar an gcéad dul síos, tá rátaí úis athraitheach, ach tá siad caidhpeáilte ag uasráta tosaigh de 3.7% d’iasachtaí faoi bhun €250,000 agus 2.75% d’iasachtaí €250,000 nó os a chionn. Maidir le hiasachtaí ó na hiasachtóirí eile, tá lascaine 1% ar a laghad i gcoibhneas lena rátaí caighdeánacha ag teastáil le haghaidh iasachtaí faoi BILS. 

Tá próiseas iarratais dhá chéim ann: 

1. Ní mór do ghnólachtaí ar dtús ceadú incháilitheachta a lorg do Scéim Iasachta Tionchair an Bhreatimeachta ón SBCI. Is féidir iarratais incháilitheachta a dhéanamh ar líne trí láithreán gréasáin SBCI. 

2. Ansin ní mór do ghnólachtaí a n-uimhir thagartha incháilitheachta a thabhairt chuig iasachtóir rannpháirteach sa scéim agus an próiseas iarratais ar iasachtóirí a chomhlánú. 

Is iad seo a leanas na cúig Chomhar Creidmheasa Metamo atá rannpháirteach i BILS: 

  • Access CU 
  • Cara CU 
  • St. Canice’s CU 
  • St. Francis CU 
  • Savvi CU 

  

An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta 

Tá ról lárnach ag an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta (DETE) i gcur i bhfeidhm bheartais an Rialtais maidir le hacmhainn tháirgiúil an gheilleagair a spreagadh agus timpeallacht a chruthú a thacaíonn le cruthú agus cothabháil post. Tá príomhfhreagracht ar an Roinn as beartas na hÉireann maidir le trádáil dhomhanda agus infheistíocht isteach agus sainchúram iomaíocht chóir a chur chun cinn sa mhargadh, tomhaltóirí a chosaint agus oibrithe a chosaint. 

Le haghaidh tuilleadh faisnéise déan teagmháil le do thoil leis an bPreasoifig, An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, press.office@enterprise.gov.ie nó (01) 631-2200