Nuacht & Imeachtaí

Ag Tabhairt Aire do Ghnó’ fógartha ag an Aire Humphreys, imeacht a thabharfaidh níos mó ná 25 comhlacht agus seirbhís Stáit le chéile chun comhairle a chur ar ghnóthais bheaga i Lár na Tíre

  • Iarrtar ar ghnóthais agus ar fhiontraithe clárú don ócáid ag a dtabharfar comhairle maidir le rialacháin agus tacaíochtaí atá ar fáil do ghnóthais bheaga ó chomhlachtaí Stáit ilchineálacha
     
  • Ar an ócáid leathlae atá saor in aisce beidh deis ag gnóthais reatha agus ag fiontraithe atá ag cur gnóthas nua ar bun bualadh le saineolaithe ó réimse de chomhlachtaí poiblí
     
  • Is deis í seo d’úinéirí ar ghnóthais bheaga comhairle a fháil ar éagsúlú a dhéanamh i margaí nua easpórtála mar réiteach don Bhreatimeacht

 

D’iarr an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, Heather Humphreys TD, ar úinéirí ar ghnóthais bheaga reatha, agus fiontraithe atá ag smaoineamh ar ghnó a thosú, clárú don ócáid ‘Ag Tabhairt Aire do Ghnó Lár Tíre’ Dé Céadaoin, an 2 Deireadh Fómhair in Óstán Sheraton, Sráid Uí Ghliasáin, Baile Átha Luain.

Tionscnamh de chuid Rialtas na hÉireann, eagraithe ag an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta i gcomhar leis an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta agus Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, atá san ócáid leathlae seo atá saor in aisce. Beidh breis is 25 comhlacht Stáit le chéile ag an ócáid ‘Ag Tabhairt Aire do Ghnó’, ag tógáil ar an rath a bhí ag ócáidí roimhe seo, le blianta beaga anuas, ócáidí ar fhreastail tuairim is 2,700 duine orthu ó áiteanna éagsúla sa tír. I gcomhthéacs an Bhreatimeachta, is deis í chomh maith do ghnóthais, comhairle a lorg ó réimse saineolaithe.

Beidh dhá shnáithe dhifriúla leis an ócáid:

  • I gcuid amháin den svuít comhdhála, beidh cuir i láthair ghearra ghonta dírithe ar na príomhriachtanais rialála le gnóthas a reáchtáil in Éirinn; beifear ag diriú chomh maith ar na tacaíochtaí atá ar fáil chun cabhrú le fiontraithe a gcuid gnóthas a fhorbairt;

  • Mar chomhlánú ar an méid sin, i gcuid eile den svuít comhdhála, cuirfidh foireann ó na comhlachtaí Stáit fáilte roimh lucht gnó chuig seastáin eolais, beidh siad ag caint go díreach leis na daoine a bheidh i láthair agus ag freagairt ceisteanna uathu.

Cuirfidh an tAire Humphreys tús le himeachtaí agus tá sí ag iarraidh ar ghnóthais Lár Tíre clárú do cheann den líon teoranta áiteanna ag an ócáid thábhachtach seo:

“Ag dul ar aghaidh ó na hócáidí rathúla i mBaile Átha Cliath agus san Iarthar Láir, táthar chun an tionscnamh Ag Tabhairt Aire do Ghnó a chur ar siúl i Lár Tíre, rud a léiríonn ár dtiomantas leanúnach d’fhorbairt réigiúnach. Is léir an tiomantas seo ó réimse gníomhaíochtaí agus tionscnamh beartais, lena n-áirítear na Pleananna Réigiúnacha Fiontraíochta go dtí 2020, ina n-úsáidtear cur chuige ‘ó bhun aníos’ chun forbairt fiontraíochta a uasmhéadú. Tá sé mar aidhm ag na Pleananna an líon post a mhéadú faoi idir 10 agus 15 faoin gcéad i ngach réigiún faoi dheireadh 2020 agus na leibhéil dífhostaíochta i ngach réigiún a thabhairt nó a choinneáil laistigh d’aon faoin gcéad de mheán an Stáit, ar a laghad.

“Tabharfaidh ‘Ag Tabhairt Aire do Ghnó’ deis do ghnóthais freisin eolas, comhairle agus léargais ríthábhachtacha a fháil i gcomhthéacs an Bhreatimeachta mar beidh roinnt de na cuir i láthair ag díriú ar an ábhar tábhachtach sin. Chomh maith leis sin, níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh air seo – is áit an-mhaith í Éire le gnó a dhéanamh fós i ndiaidh an Bhreatimeachta. Chonaiceamar é seo, mar shampla, sa rangú Iomaíochais Dhomhanda – chuamar ón 12ú háit go dtí an 7ú háit, agus táimid sa dara háit san AE.

“Tá tionscnaimh amhail an Ciste Forbartha Fiontraíochta Réigiúnaí ag feidhmiú faoi láthair. Sa samhradh, d’fhógair mé €45m breise de mhaoiniú faoin scéim seo a bhfuil sé mar aidhm léi tacú le cruthú post inbhuanaithe sna réigiúin. Ba cheart breathnú ar an gCiste seo i gcomhthéacs na bPleananna Fiontraíochta Réigiúnaí chomh maith le Poist Todhchaí Éireann, ar plean uile-Rialtais é.” 

Dúirt an tAire Stáit do Thrádáil, Fostaíocht, Gnó, Margadh Aonair Digiteach an AE agus Cosaint Sonraí, Pat Breen TD, a labhróidh ag an ócáid freisin: “Tá gnóthais bheaga ríthábhachtach do dhul chun cinn eacnamaíoch na hÉireann mar tugann siad deis do réigiúin agus do phobail maireachtáil agus bláthú. Ócáid uathúil is ea an ócaid Ag Tabhairt Aire do Ghnó mar soláthraíonn sí deis in aon ionad amháin chun dul i dteagmháil leis na comhlachtaí Stáit uile atá bainteach le forbairt gnóthas beag. Spreagaim úinéirí uile gnóthas beag agus fiontraithe óga cuairt a thabhairt ar an ócáid chun an réimse leathan tacaíochtaí agus comhairle atá ar fáil a fheiceáil.

Cuirfidh na hoifigí agus na gníomhaireachtaí Stáit a bheidh páirteach ann eolas ar fáil i réimse leathan ábhar, lena n-áirítear: 

  • Cáin, fostaíocht, agus oibleagáidí sláinte & sábháilteachta;

  • Ceanglais dhlithiúla le gnóthas a bhunú agus a reáchtáil;

  • Ceanglais i réimsí amhail sábháilteacht bia agus comhshaoil;

  • Comhairle ar sholáthar rialtais agus ar mhaoin intleachtúil;

  • Cúnamh agus tacaíochtaí ar fáil ó ghníomhaireachtaí fiontraíochta, agus;

  • Clúdófar an Breatimeacht, agus an cúnamh agus na tacaíochtaí atá ar fáil, lena n-áirítear Scéim Iasachta an Bhreatimeachta.

Beidh comhlachtaí ionadaíocha ón earnáil tionsclaíochta i láthair agus beidh siad ar fáil chun labhairt leo siúd a bheidh ag freastal an lá sin.

Le clárú don ócáid agus le sonraí breise a fháil, lena n-áirítear ord na gcur i láthair agus liosta iomlán de na gníomhaireachtaí Stáit a bheidh ann, téigh chuig www.takingcareofbusiness.ie

Moltar áiteanna a chur in áirithe go luath mar tá líon na n-áiteanna atá ar fáil teoranta.

CRÍOCH

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil leis an bPreasoifig, 01 631 2222 press.office@dbei.gov.ie

Mura dteastaíonn uait ríomhphoist a fháil a thuilleadh ó Phreasoifig na Roinne Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, cuir sin in iúl dúinn, le do thoil, le ríomhphost chuig press.office@dbei.gov.ie

Nótaí le haghaidh Eagarthóirí

Is iad na hoifigí, gníomhaireachtaí agus seirbhísí Stáit agus earnála poiblí a bheidh i láthair:

Oifigí Fiontair Áitiúla

Na Coimisinéirí Ioncaim

Fiontraíocht Éireann

An Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí

An Oifig um Chlárú Cuideachtaí

Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann

An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta

Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach

An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre

An Oifig um Sholáthar Rialtais

Intreo/An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí

An tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann

Micrea-Airgeadas Éireann

An Oifig um Athbhreithniú Creidmheasa

An Cód um Íoc Pras

An Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta

Fondúireacht Eolaíochta Éireann

Skillnet Ireland (ag tacú agus ag obair le gnóthais chun dul i ngleic le riachtanais reatha agus riachtanais sa todhchaí)

An tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte

Corparáid Baincéireachta Straitéisí na hÉireann

SOLVIT (líonra neamhfhoirmiúil fadhbréitigh do shaoránaigh agus gnólachtaí an AE)

An tAonad um Cheadúnú agus Rialú Trádála, An Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta

Oifig na bPaitinní

Idir-Thrádáil Éireann

An Líonra Fiontar Eorpach

Áis ar líne ag tacú le gnóthais bheaga agus mheánmhéide (Rochtain ar Airgeadas)

 

Don ócáid seo “Ag Tabhairt Aire do Ghnó” i mBaile Átha Luain tá tacaíocht á fáil ó Chomhlachas na nGnólachtaí Beaga, Comhlachas na hÉireann, Comhlachas Átha Luain, ISME, RGDATA, ACCA, IBEC, IDA Éireann, Cónaidhm Thionscal na Foirgníochta, agus Comhlachas Crua-Earraí na hÉireann.

Is iad seo na haischlibeanna don ócáid: #supportforbusiness agus #TCOB2019

Ar an lá, beidh cuir i láthair ghearra ó bhreis is 20 de na comhlachtaí stáit - trí sheisiún ar leith a bheidh i gceist. Déanfaidh Louise Ward, Ceannasaí Fiontair, Oifig Fiontair Áitiúil, Ros Comáin, Christine Charlton, Ceannasaí Fiontair, Oifig Fiontair Áitiúil, An Iarmhí agus John McGrath, Uachtarán, Comhlachas Átha Luain cathaoirleacht ar na seisiúin.

 

Tá ról lárnach ag an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta chun beartais an Rialtais a chur i bhfeidhm maidir le hacmhainn táirgiúlachta an gheilleagair a spreagadh agus timpeallacht a chruthú a thacaíonn le poist a chruthú agus a chothú. Is ar an Roinn atá an phríomhfhreagracht as beartais Éireannacha ar thrádáil dhomhanda agus ar infheistíocht isteach, agus tá sí freagrach as iomaíocht chóir sa mhargadh a chur chun cinn, agus as tomhailteoirí agus oibrithe a chosaint.