Nuacht & Imeachtaí

Méadú 50 cent ar an Íosphá Náisiúnta molta ag an gCoimisiún um Pá Íseal chun an Íosphá Náisiúnta a ardú go €9.15

Fáilte curtha ag an Taoiseach, Tánaiste, an tAire Bruton agus an tAire Nash roimh fhoilsiú na tuarascála

21 lúil 2015

Tá an Coimisiún um Pá Íseal ag moladh go n-ardófaí an tÍosphá Náisiúnta 50 cent in aghaidh na huaire. Sa chéad tuarascáil atá foilsithe ag an gCoimisiún, arb é an tasc atá sannta ag an Rialtas dó comhairle a thabhairt maidir le ráta cuí don íosphá, moltar gur chóir an tÍosphá Náisiúnta a ardú 5.8% go €9.15 in aghaidh na huaire.

I láthair na huaire, tá an t-íosphá cothrom le €8.65. Níl aon ardú tagtha ar an íosphá ó 2011, tráth a raibh ardú €1 mar bhonn leis an íosphá a ardú go €8.65, i ndiaidh gearradh pá mórán mar an gcéanna a bheith forchurtha ag an Rialtas a bhí i gceannas roimhe sin níos túisce in 2011.

I dtuarascáil chuimsitheach a cuireadh faoi bhráid an Aire Gnó agus Fostaíochta, Ged Nash TD, shonraigh an Coimisiún um Pá Íseal na sonraí ar fad a cuireadh san áireamh sular moladh an t-ardú 50 cent. Chomh maith leis sin, lorg coimisinéirí aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara mar aon le dul i gcomhairle go pearsanta le hoibrithe a raibh íosphá a fháil acu agus fostóirí ó na hearnálacha geilleagracha cuí.

Agus an moladh seo á dhéanamh aige, tarraingíonn an Coimisiún um Pá Íseal aird ar na nithe ar fad atá curtha san áireamh aige, lena n-áirítear:

  • Bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil ní bheidh líon suntasach post á gcailleadh mar thoradh ar arduithe measartha ar an íosphá
  • Tá geilleagar na hÉireann ag teacht chuige féin ainneoin rioscaí suntasacha a bheith fós le sonrú sa timpeallacht sheachtrach
  • Tá an líon daoine fostaithe ag dul i méid
  • Tá na rátaí dífhostaíochta fós ard ach tá laghdú tugtha faoi deara le bliain anuas go háirithe
  • Tá feabhas tagtha ar acmhainn iomaíochais na tíre, agus cúis amháin leis seo gluaiseachtaí ráta malairte, treocht nach mór a chothú
  • Ainneoin boilsiú a bheith réasúnta íseal, tá an t-íosphá mar an gcéanna le 8 mbliana anuas
  • Chomh fada is a bhaineann le forbairt fiontar ní mór go mbeadh na coinníollacha oiriúnacha do chruthú fostaíochta ag eascairt as dearadh na gcóras cánach agus ÁSPC, lena n-áirítear na dreasachtaí (don fhostóir agus don fhostaí) d'fhostaithe uaireanta breise a oibriú agus pá a ardú nuair is cuí.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Taoiseach Enda Kenny TD, "Creideann an Rialtas seo gurb ionann fostaíocht agus an t-aon bhealach inbhuanaithe le dul i ngleic leis an mbochtaineacht, gur chóir go mbeadh níos mó airgid le fáil ag daoine atá páirteach sa mhargadh fostaíochta ná mar atá ag daoine a bhfuil íocaíochtaí leasa shóisialaigh á bhfáil acu, agus nár chóir go mbeadh aon teaghlach a bhfuil duine amháin as ag obair go lánaimseartha thíos leis de thoradh na bochtaineachta. Gné lárnach den straitéis seo é bunú an Choimisiúin um Pá Íseal. Déileálfar le moltaí an Choimisiúin um Pá Íseal sa Bhuiséad i mí Dheireadh Fómhair, mar aon le hathruithe ar an gcóras cánachais agus ar an gcóras leas, ionas go mbeidh gach gné den phlean ag tacú lena chéile."

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Tánaiste Joan Burton TD, “Nuair a ceapadh mise mar Cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre agus mar Thánaiste, chinn mé láithreach tosaíocht a thabhairt do bhunú an Choimisiúin um Pá Íseal d'fhonn a chinntiú go ndéanfaí athbhreithniú ar an Íosphá, athbhreithniú fianaise-bhunaithe gach bliain. Tá an fhianaise ar fáil anois, tá an moladh atá déanta ag an gCoimisiún soiléir agus táim ag súil leis an moladh sin a chur i bhfeidhm in am trátha. Déileálfar le haon aimhrialtacht a d'fhéadfaí a thabhairt faoi deara sa chóras ÁSPC mar thoradh ar mholtaí an Choimisiúin in am trátha ag féachaint don Bhuiséad. Tá dlús curtha ag an Rialtas seo faoi théarnamh geilleagrach agus is féidir linn anois cur leis an bhfás, leis an líon post agus leis na deiseanna a eascróidh as sin agus a chinntiú go mbeidh caighdeáin mhaireachtála níos fearr ag gach duine. Cuid thábhachtach den phróiseas sin a bheidh san íosphá a ardú i gcomhréir le moladh an Choimisiúin neamhspleách.”

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta Richard Bruton TD, “Gné lárnach den obair atá ar bun ag an Rialtas seo cur leis an líon post atá ar fáil agus caighdeáin mhaireachtála teaghlach agus pobal ar fud na tíre a fheabhsú. Is é an Coimisiún um Pá Íseal an modh ceart chun leibhéal an Íosphá Náisiúnta (NMW) a mheas – Coimisiún cothrom, neamhpholaitiúil atá freagrach as leibhéal an NMW a mheas bunaithe ar fhianaise, trí ghnéithe cosúil le cruthú fostaíochta agus iomaíochas a chur san áireamh. Is tuarascáil chothrom, thomhaiste atá curtha ar fáil inniu, agus fáiltím go mór roimh an bhfoilseachán seo. Déanfaidh an Rialtas mionanailís ar an tuarascáil anois ag féachaint don Bhuiséad, agus cinnteofar go ndéileálfar le haon impleachtaí iarmhartacha a d'fhéadfadh a bheith i gceist”.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Nash, “Is gné lárnach de chlár oibre dhínít san ionad oibre an Rialtais béim a leagan ar luach saothair a bheith mar thoradh ar fhostaíocht. I gcás oibrí lánaimseartha a bhfuil ráta íosphá náisiúnta á fháil aige/aici, beidh an t-ardú 50 cent in aghaidh na huaire mar bhonn le hardú pá sa bhreis ar €1,000 sa bhliain. Meastar go mbainfidh thart ar 120,000 oibrí tairbhe as a leithéid d'ardú. Is fianaise é bunú an Choimisiúin um Pá Íseal ar dhiongbháilteacht an Rialtais déileáil leis an dúshlán a bhaineann le pá íseal ar bhealach struchtúrtha agus inbhuanaithe.”

Chomh maith leis sin, ghabh an tAire Nash buíochas leis na Coimisinéirí as an obair atá déanta acu agus leis na daoine a chas le comhaltaí an Choimisiúin nó a chuir aighneachtaí faoi bhráid an Choimisiúin.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Cathaoirleach an Choimisiúin um Pá Íseal, an Dr Donal de Buitléir, “Cúis áthais dom gur éirigh linn an chéad tasc a sannadh don Choimisiún um Pá Íseal a chur i gcrích gan stró, tasc arb éard a bhí i gceist leis rátaí cuí don Íosphá Náisiúnta a mholadh.   Tá Comhaltaí an Choimisiúin ceaptha ar feadh tréimhse 3 bliana, agus tá an chéad chéim de phróiseas atá dírithe ar theacht ar thuiscint níos fearr ar na himpleachtaí atá ag pá íseal ar fhostaithe agus ar fhostóirí in Éirinn curtha i gcrích. Táimid ag súil le dul i ngleic le gnéithe eile thimpeallacht an phá ísil amach anseo agus táimid ag súil le bheith ag obair leis an Aire sna blianta beaga amach romhainn.”

Is é seo an chéad tuarascáil atá eisithe ag an gCoimisiún um Pá Íseal, Coimisiún a dhéanfaidh athbhreithniú ar an Íosphá Náisiúnta agus ar cheisteanna gaolmhara eile ar bhonn bliantúil.

DEIREADH                                                                                                                                  

Má theastaíonn tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Deirdre Grant, Comhairle Speisialta an Aire Nash ag 086 0484 279

nó Preasoifig DJEI ag 01 631 2200, press.office@djei.ie

Nótaí na nEagarthóirí:

Tá Tuarascáil an Choimisiúin um Pá Íseal le fáil ag www.lowpaycommission.ie

Is iad seo a leanas comhaltaí an Choimisiúin um Pá Íseal:

An Dr Donal de Buitléir           Cathaoirleach  Stiúrthóir PublicPolicy.ie

Vincent Jennings        Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, an Cumann Siopaí Áise agus Siopaí Nuachtán

Patricia King                Ard-Rúnaí ICTU

Gerry Light                  Ard-Rúnaí Cúnta, Ceardchumann Mandate

Caroline McEnery       Stiúrthóir, The HR Suite; Réitigh AD & Ghnó

Edel McGinley            Stiúrthóir, Ionad um Chearta Imirceach na hÉireann

Mary Mosse                Léachtóir le hEacnamaíocht, Stiúrthóir Clár do Thaighde Iarchéime, Roinn na Cuntasaíochta & na hEacnamaíochta, Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge

Tom Noonan               Príomhfheidhmeannach, Grúpa Maxol, Uachtarán IBEC (2008–2010)

An tOll. Donal O’Neill  Roinn na hEacnamaíochta, Airgeadais & Cuntasaíochta, Ollscoil Mhá Nuad

 

Rinne na Coimisinéirí scrúdú ar cheisteanna éagsúla le linn dóibh an ráta cuí don Íosphá Náisiúnta a mholadh, lena n-áirítear:

  • na hathruithe ar thuilleamh ó 2011 - an uair dheireanach a ardaíodh an t-íosphá
  • na rátaí ginearálta dífhostaíochta agus fostaíochta
  • an tionchar a meastar a bheidh ag athrú ar an íosphá ar fhostaíocht, an costas maireachtála agus iomaíochas náisiúnta
  • athruithe ar dháileadh ioncaim agus
  • rátaí malairte eachtraí