Nuacht & Imeachtaí

Fáilte curtha ag an Aire Mitchell O’Connor roimh an méadú leanúnach ar fhostaíocht agus líon na ndaoine atá ag obair ag an leibhéal is airde ó 2008

Fostaíocht ag fás i ngach réigiún le bliain anuas

Is taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath atá 72% de na poist a cruthaíodh le bliain anuas

22 Samhain 2016

Chuir an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Mary Mitchell O’Connor, fáilte inniu (Dé Máirt) roimh na figiúirí is déanaí ón Suirbhé Náisiúnta Ráithiúil Teaghlach de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh (POS). Léiríonn na figiúirí seo go bhfuil tuilleadh méadaithe tagtha ar fhostaíocht. Tá níos mó ná 2 mhilliún duine ag obair in Éirinn anois agus fostaíodh 56,500 duine breise, méadú 2.9%, in Éirinn le bliain anuas. Fágann sé sin go bhfuil seans maith againn an sprioc atá i bPlean Gníomhaíochta do Phoist 2016, go gcruthófaí 50,000 post breise i mbliana, a shárú.

Léiríonn na figiúirí ón POS inniu freisin gur taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath a cruthaíodh 72% de na poist ar fad a cruthaíodh le bliain anuas.

Tá fostaíocht ag fás go leanúnach le 16 ráithe as a chéile agus tá fostaíocht tar éis fás i ngach réigiún le bliain anuas.

Léiríonn na figiúirí freisin gurb í earnáil na dtionscal an earnáil is tapúla fás sa gheilleagar. Léiríonn siad freisin go bhfuil seirbhísí lóistín agus bia agus tógáil fós láidir, agus go bhfuil fostaíocht ag fás in 12 earnáil den gheilleagar as 14 cinn.

Agus í ag caint inniu, dúirt an tAire Mary Mitchell O’Connor:

“Cuirim fáilte mhór roimh na figiúirí a d’eisigh an POS inniu, figiúirí a léiríonn go bhfuil an fás ar phoist ag teacht chuige féin. Is údar misnigh ar leith dom go léiríonn na figiúirí gur taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath atá formhór mór na bpost á gcruthú ó tharla go bhfuil sé ar cheann de na príomhthosaíochtaí atá agam díriú ar líon na bpost a mhéadú i ngach réigiún ar fud na hÉireann.

Léiríonn na figiúirí ón POS freisin go bhfuil laghdú 12.6% tagtha ar an dífhostaíocht i gcaitheamh na bliana seo, rud a fhágann gur 172,500 duine ar fad atá dífhostaithe anois. Is í seo an 16ú ráithe as a chéile inar tháinig méadú ar líon na bpost. Caithfidh sé seo leanúint ar aghaidh, caithfimid cinnte a dhéanamh de go mbeidh cosaint againn ar éifeachtaí idirnáisiúnta. Is príomhthosaíocht fós é leanúint de bheith ag forbairt geilleagar inbhuanaithe agus tá sé i gceist agam coinneáil orm ag obair i dtreo cinnte a dhéanamh de go mbeidh an tacaíocht cheart ar fáil do gach gnó ionas go mbeimid in ann an fás atá tagtha ar líon na bpost le déanaí a choinneáil ag imeacht.”

Críoch

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:  

An Phreasoifig, An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, guthán 6312200 nó ríomhphost press.office@djei.ie