Nuacht & Imeachtaí

Labhraíonn an tAire Nash faoin bPá Íosta Náisiúnta nua €9.15 atá le tabhairt isteach

Tiocfaidh méadú 50 faoin gcéad sa ráta in aghaidh na huaire i bhfeidhm amárach, an 1 Eanáir

Tá Ged Nash TD, an tAire Gnó agus Fostaíochta, tar éis fáilte a chur roimh an ráta nua €9.15 don Phá Íosta Náisiúnta. Ón lá amárach, bainfidh thart ar 124,000 oibrí tairbhe as an méadú 50 faoin gcéad sa phá íosta.

Is é sin an dara méadú atá déanta ag an Rialtas seo ar an bPá Íosta Náisiúnta ó theacht isteach san oifig dó sa bhliain 2011. Ba é ceann de na chéad bhearta a rinne sé ná deireadh a chur leis an laghdú €1 in aghaidh na huaire ar an bpá íosta náisiúnta a thug an Rialtas roimhe isteach.

Mar chuid de Bhuiséad 2016, ghlac an Rialtas leis an togra ón Aire Nash an pá íosta náisiúnta a mhéadú faoi 50 cent. Tháinig sé sin sna sála ar an gcéad tuarascáil ón gCoimisiún um Pá Íseal, ar comhlacht neamhspleách é ar cuireadh de chúram air an ráta cuí don phá íosta reachtúil a scrúdú.

Dúirt an tAire Nash, “Is amhlaidh go mbeidh Athbhliain níos rathúla ann do níos mó ná 124,000 oibrí, go háirithe mná agus daoine óga. Ón lá amárach, feicfidh siad méadú díreach ina bpáphaicéad mar gheall ar an méadú sa Phá Íosta Náisiúnta go €9.15 in aghaidh na huaire.

“Fágfaidh an méadú sin go mbeidh méadú 20%, geall leis, tagtha ar an bpá íosta le linn théarma oifige an Rialtais seo. Mar aon leis na laghduithe sa mhuirear sóisialta uilíoch (MSU) agus in árachas sóisialta pá-choibhneasta (ÁSPC) a fógraíodh sa bhuiséad, beidh méadú €708 in aghaidh na bliana nó méadú €14 in aghaidh na seachtaine ann in ioncam i measc daoine singil atá ag obair go lánaimseartha agus atá ar an bpá íosta. I gcás lánúin phósta a bhfuil ioncam aonair acu, beidh €911 in aghaidh na bliana, nó €18 in aghaidh na seachtaine, sa bhreis acu.”

“Creidim ó chroí gur chóir do dhaoine pá ceart a thuilleamh as a gcuid oibre agus tá an-lúcháir orm méadú pá a bhfuil géarghá leis a sholáthar don lucht ísealioncaim sa tsochaí. Cé gur measartha atá na méaduithe, tá rún daingean agam a chinntiú go mbainfidh gach duine, agus ní na daoine is saibhre amháin, tairbhe a bhaint as ár rathúnas geilleagrach.”

I dteannta na méaduithe pá, coigeartófar tairseacha ÁSPC an fhostóra ón 1 Eanáir chun a chinntiú nach mbeidh ualach méadaithe ÁSPC ar dhaoine a fhostaíonn daoine ar an bpá íosta.

Dúirt an tAire freisin, “Mar aire le freagracht as fiontair bheaga agus mheánmhéide, is eol dom go maith go bhfuil seans ann nach ndeachaigh an feabhas sa gheilleagar i bhfeidhm ar gach gnó go fóill. Gan coigeartú cuí a dhéanamh ar thairseach ÁSPC an fhostóra, ba mhó i bhfad an damáiste a dhéanfadh an méadú sa phá íosta ar ghnóthais bheaga i gcomparáid lena ndéanfadh sé do na cuideachtaí móra a bhfuil siad san iomaíocht leo. Mar sin, mhéadaíomar an tairseach faoi €20 chun dul i ngleic leis sin.”

CRÍOCH

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, déan teagmháil le:

Deirdre Grant trí ghlao a chur ar 086 0484 279 nó Preasoifig na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta trí ghlao a chur ar 01 631 2200 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig press.office@djei.ie