Nuacht & Imeachtaí

Titim sa Bheochlár ag léiriú go bhfuil luathú ann – An tAire De Briotún

Tá titim sa bheochlár le 12 mhí anuas léirithe ag gach ceann den 8 réigiún

4ú Feabhra, 2015

D'fhear an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Risteárd De Briotún TD, fáilte inniu (Dé Céadaoin) roimh fhoilsiú figiúirí is déanaí an Bheochláir, ag léiriú titim leanúnach sa líon daoine ag síniú ar an gclár, arb ionann agus laghdú 38 mí as a chéile.

Lena chois sin léiríonn na figiúirí go bhfuil na treochtaí dearfacha ag luathú, mar shampla:

bhí an titim i mí Eanáir 2015 thart ar 1300 níos airde ná an titim i mí Eanáir 2014

bhí an titim le linn 2014 10,000 níos airde ná an titim le linn 2013

Lena chois sin léiríonn na figiúirí, i dtéarmaí comhláin, gur fhág os cionn 141,000 duine an beochlár le dul i mbun oibre le linn 2014. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an ráta scoir ón mbeochlár chuig an obair ag nach mór 40% - suas ó 33% in 2012. Soláthraíonn sé seo léargas ar leibhéal an athraithe sa mhargadh saothair agus a fhairsinge a bhfuil tionchar ag deiseanna fostaíochta nua ar an líon daoine ar an mbeochlár.

I gcás gach duine a fhágann an Beochlár le dul i mbun fostaíochta déantar thart ar €20,000 in aghaidh na bliana a shábháil don Státchiste i gcaiteachas leasa shóisialaigh laghdaithe agus ioncam cánach méadaithe, agus cabhraíonn sé le timthriall treisithe de thairbhí eacnamaíocha dearfacha a chruthú.

Ag fáiltiú roimh fhigiúirí an lae inniu, dúirt an tAire De Briotún:

“Le gach post a chruthaítear is ionann é agus saol athraithe, teaghlach feabhsaithe, pobal leasaithe. Le cruthú post á mhéadú is féidir linn ioncam cánach a fhás agus dá réir sin saoil daoine a fheabhsú le seirbhísí níos fearr agus ciorruithe cánach. Is é sin an fáth go bhfuil cruthú post curtha i gcroílár chlár oibre an Rialtais againn.

“Tugann figiúirí an lae inniu dearbhú breise go bhfuil an plean ag obair. Mar sin féin, le dífhostaíocht fós suite ag 10.5% agus go leor daoine ar fud na tíre atá le leas a bhaint as na tairbhí go fóill, tá neart le déanamh againn.

“Tá cruthú post réigiúnach ar phríomhfhócas den Phlean Gníomhaíochta le haghaidh Post 2015. Soláthraíonn figiúirí an lae inniu nuacht spreagthach ar an ábhar seo, leis an mbeochlár ag titim anois i ngach ceann den 8 réigiún. An fócas atá ann anois ná forbairt ar an méid seo agus é a luathú, lena chinntiú go mbaineann gach pobal sa tír leas as tairbhí an téarnaimh.

“Tá an téarnamh leochaileach go fóill. Má leanaimid orainn ag cur na beartais chearta chun feidhme, tríd an Plean Gníomhaíochta le haghaidh Post agus Pathways to Work, táim cinnte dearfa de gur féidir linn an méadú post a luathú agus fostaíocht lánaimseartha a dhaingniú faoin mbliain 2018. Ní tharlóidh sé seo go huathoibríoch - braithfidh sé ar phleananna atá deartha go cúramach agus curtha i bhfeidhm go maith.

“Mar sin féin, tugann figiúirí an lae inniu breis muiníne dúinn má leanaimid lenár gcuid pleananna a chur i bhfeidhm, gur féidir linn leanúint le poist a mhéadú ar fud na tíre – dá réir sin ag seachadadh seirbhísí níos fearr, ag cur airgid i bpócaí dhaoine, agus ag feabhsú saoil dhaoine”. 

CRÍOCH

Le haghaidh a thuilleadh eolais téigh i dteagmháil le:

Preasoifig, an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta (01)-6312200 nó press.office@djei.ie