Comhairliúchán Poiblí agus Glao ar Fhianaise maidir leis an Acht um Luasaire Dícharbónaithe Tionsclaíoch (ALDT)

Comhairliúchán Poiblí agus Glao ar Fhianaise maidir leis an Acht um Luasaire Dícharbónaithe Tionsclaíoch (ALDT)

15 Bealtaine 2025 | Comhairliúcháin Oscailte

Comhairliúchán Poiblí agus Glao ar Fhianaise maidir leis an Acht um Luasaire Dícharbónaithe Tionsclaíoch (ALDT)

Ba mhaith leis an Aonad um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Beartas Fuinnimh d’aird a tharraingt ar Ghlao ar Fhianaise maidir le Measúnacht Tionchair a d’eisigh an Coimisiún Eorpach le déanaí maidir leis an Acht um Luasaire Dícharbónaithe Tionsclaíoch (‘ALDT’). Tá sé beartaithe ALDT a fhoilsiú in R4 2025.

 Cúlra

Fógraítear sa Chomhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan Acht um Luasaire Dícharbónaithe Tionsclaíoch chun dul i ngleic leis na dúshláin seo a leanas:

  1. Príomh-mhargaí Eorpacha le haghaidh táirgí ísealcharbóin a chruthú agus a chosaint
  2. Tionscadail dícharbónaithe thionsclaíocha ar tosaíocht iad a shainaithint agus a chur chun cinn
  3. Nósanna imeachta ceadaithe maidir le rochtain thionsclaíoch ar fhuinneamh agus ar dhícharbónú a chuíchóiriú agus dlús a chur leo

 Beidh an tionscnamh sin dírithe ar thionscail atá dian ar fhuinneamh (i.e. ceimiceáin, cruach, laíon agus páipéar, scaglanna, stroighin, miotail neamhfheiriúla, gloine agus ceirmigh) agus sa chás atá ábhartha, breithneofar ann tionscail iartheachtacha ghaolmhara (e.g. uathghluaisneach, tithíocht, teicneolaíocht ghlan).

Tá ALDT ag teacht le hobair eile sa réimse sin amhail an Gníomh um Thionscal Glan‑Nialasach, Córas Trádála Astaíochtaí an AE, Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha an AE (SCCT), rialacha maidir leis na margaí fuinnimh, na hAchtanna um Amhábhair Chriticiúla, an Creat Státchabhrach le haghaidh an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan (CSCCTG), ionstraimí cosanta trádála agus pleananna le haghaidh Treoracha um Sholáthar Poiblí in 2026.

Aighneachtaí

Seo do dheis d’aiseolas a thabhairt ag am sa phróiseas nuair is féidir leis an gCoimisiún é a chur san áireamh go héifeachtach agus é ag mionathrú an dréachtreachtaíochta.

Is é an spriocdháta chun freagairt don Ghlao seo ar Fhianaise an 8 Iúil 2025.

Sa bhreis ar aiseolas a sholáthar don Choimisiún, iarraimid ort d’aiseolas a chur ar ais chuig an Roinn seo climateaction@enterprise.gov.ie chun cabhrú linn an t-aiseolas a chomhthiomsú agus seasamh náisiúnta a ullmhú agus príomhleasanna agus príomhdheiseanna na hÉireann a shainaithint.

An tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 agus foilseachán na n-aighneachtaí

Cuirfidh an Roinn gach aighneacht a fhaightear faoin gcomhairliúchán sin ar fáil ar a suíomh gréasáin. Tabhair do d’aire go bhféadfar faisnéis arna soláthar don Roinn a nochtadh mar fhreagra ar iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014. Dá bhrí sin, má mheasann tú go bhfuil aon fhaisnéis a sholáthraíonn tú íogair ó thaobh na tráchtála de, sonraigh í le do thoil, agus sonraigh an chúis atá lena híogaireacht. Rachaidh an Roinn i gcomhairle leat maidir le faisnéis a shainaithin tú a bheith íogair sula bhfoilseofar nó sula nochtfar ar bhealach eile í. 

Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

Ba chóir do fhreagróirí a thabhairt dá n-aire gur tháinig an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) i bhfeidhm in Éirinn an 25 Bealtaine 2018 agus gurb í an chúis atá leis ná níos mó smachta a thabhairt do dhaoine aonair ar a gcuid sonraí pearsanta. 

Is iad seo a leanas na príomhphrionsabail faoin rialachán:

  • dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht
  • teorannú cuspóra
  • íoslaghdú sonraí
  • cruinneas
  • teorannú stórála
  • sláine agus rúndacht
  • cuntasacht 

Tá an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta faoi réir fhorálacha an rialacháin maidir le sonraí pearsanta a bhailíonn sí ón 25 Bealtaine 2018. Caithfear le haon fhaisnéis phearsanta a thugann tú don roinn seo leis na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta agus ar bhealach atá i gcomhréir dhlúth leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 go 2018.