Páipéar Comhairliúcháin: Rialacháin Dóiteáin Troscáin na hÉireann
Páipéar Comhairliúcháin: Rialacháin Dóiteáin Troscáin na hÉireann
Réamhrá
Tá an Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta ag déanamh athbhreithnithe ar Rialacháin Dóiteáin Troscáin na hÉireann atá ann faoi láthair[1] chun a chinntiú go bhfuil ár gcreat rialála láidir, éifeachtach go fóill, agus ag teacht le cleachtais na linne seo um shábháilteacht tomhaltóirí.
Leagtar amach sa pháipéar comhairliúcháin seo an dá rogha fhéideartha le breithniú:
- Rialacháin Dóiteáin Troscáin na hÉireann atá ann faoi láthair a choimeád
- Rialacháin Dóiteáin Troscáin na hÉireann a aisghairm agus brath ar Rialacháin Ghinearálta an AE maidir le Sábháilteacht Táirgí.
Déantar achoimre sa pháipéar seo ar an gcúlra rialála atá ann faoi láthair agus leagtar amach an réasúnaíocht maidir le Rialacháin Dóiteáin Troscáin na hÉireann a athmheas lena n-áirítear:
- forbairtí ábhartha sa Ríocht Aontaithe,
- na hábhair imní maidir leis an tsláinte agus leis an gcomhshaol a bhaineann le lasairmhoillithigh, agus
- na mionsonraí den Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí a tháinig i bhfeidhm ag deireadh na bliana seo caite.
Tá fáilte roimh pháirtithe leasmhara, ionadaithe tionsclaíochta, grúpaí tomhaltóirí agus daoine den phobal aiseolas a thabhairt ar an rogha is fearr leo. Sa phróiseas comhairliúcháin cinnteofar go measfar tuairimí na bpáirtithe ábhartha go léir sula ndéanfar aon chinneadh a bhaineann le hathchóirithe rialála féideartha.
An Cúlra maidir le Rialacháin Dóiteáin Troscáin na hÉireann
Cuireadh Rialacháin Dóiteáin Troscáin na hÉireann i bhfeidhm in 1995 chun na rioscaí teagmhas a bhaineann le dóiteán, a eascraíonn as díol troscáin tí inlasta a laghdú. Forbraíodh Rialacháin Troscáin Dóiteáin na hÉireann tráth a raibh guaiseacha dóiteáin maidir le hábhair troscáin ina n-ábhar imní suntasaí. Ceanglaítear leis na rialacháin sin go gcomhlíonann troscán tí caighdeáin inadhainteachta shonracha, lena n-áirítear friotaíocht in aghaidh adhainte ag toitíní agus ag lasracha cipín, trí úsáid ceimiceán lasairmhoillitheach den chuid is mó.
Is é an bunús a bhí leis an mbeartas ná an riosca báis agus gortaithe arb iad na dóiteáin a thosaíonn i dtroscán cumhdaithe is cúis leis, a laghdú. Le tríocha bliain anuas, tá laghdú tagtha ar bhásanna ó dhóiteáin tí i bpáirt mar thoradh ar na rialacháin sin[2]. Ach tá athrú tagtha ar an gcomhthéacs eolaíochta, rialála agus iompraíochta, lena n-áirítear úsáid mhéadaithe aláram deataigh agus athruithe ar iompraíocht phearsanta[3]. Dá réir sin, ardaítear ceisteanna anois faoin gcothromaíocht idir sábháilteacht dóiteáin agus sábháilteacht cheimiceach, go háirithe maidir le húsáid lasairmhoillitheach[4] [5].
Ina theannta sin, is ionann Rialacháin Dóiteáin Troscáin na hÉireann agus Rialacháin Troscáin agus Fearais (Dóiteán) (Sábháilteacht) na Ríochta Aontaithe. Mar thoradh air sin tá ceangal idir an soláthar troscáin d’Éirinn agus an soláthar don Ríocht Aontaithe, mar go bhfuil na ceanglais chéanna maidir le cóireáil troscáin i bhfeidhm sa dá thír faoi láthair. Féadfaidh tionchar a bheith ag na hathruithe féideartha ar Rialacháin na Ríochta Aontaithe atá leagtha amach thíos ar an soláthar troscáin d’Éirinn. De bharr go bhfuil rialacháin sa dá thír mar an gcéanna, níl Éire ag teacht leis na Ballstáit eile den AE agus tá tionchar aige sin ar an Margadh Aonair.
Forbairtí sa Ríocht Aontaithe
Is ionann Rialacháin Dóiteáin Troscáin na hÉireann agus iad siúd sa Ríocht Aontaithe faoi láthair. Tá an Ríocht Aontaithe ag déanamh athbhreithnithe faoi láthair ar a Rialacháin Troscáin agus Fearais (Dóiteán) (Sábháilteacht), 1988. Thug an Ríocht Aontaithe le fios go bhfuil sé beartaithe aici na rialacháin a nuachóiriú.
Ar dtús bainfidh an Ríocht Aontaithe táirgí naíonán as raon feidhme a gcuid Rialachán[6]. Féadfar athruithe ar an gcóras tástála, aistriú chuig caighdeáin atá bunaithe ar fheidhmíocht agus spleáchas níos mó ar theicneolaíochtaí bacainne agus ar ábhar atá friotaíoch in aghaidh adhainte ó nádúr a áireamh le hathchóirithe sa Ríocht Aontaithe. Bhí an t-idirspleáchas idir na margaí troscáin in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe láidir go stairiúil de bharr caighdeáin chomhroinnte, líonraí lóistíochta agus caidrimh ghnó agus mar sin is léir, le réasún go mbeidh tionchar ag athruithe ar Rialacháin na Ríochta Aontaithe ar sholáthar troscáin d’Éirinn mar nach mbeidh rialacháin na hÉireann ag teacht le rialacháin sa Ríocht Aontaithe ná sna ballstáit eile den AE.
Ábhair Imní maidir le Lasairmhoillithigh
I mí na Nollag 2024, d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (GEC) tuarascáil chothrom le dáta[7] ar na rioscaí don tsláinte agus don chomhshaol a bhaineann le lasairmhoillithigh áirithe a úsáidtear i dtáirgí tomhaltais, lena n-áirítear troscán cumhdaithe.
Fuarthas amach sa tuarascáil go bhfuil aicmí áirithe lasairmhoillitheach, go háirithe lasairmhoillithigh bhróimínithe (LMBanna), le fáil go leanúnach sa chomhshaol agus inbhithbhailithe i ndaoine agus i bhfiadhúlra agus go n-iompraítear trí aer agus trí uisce ar fud an domhain iad. Sainaithníodh sa tuarascáil fianaise inchreidte freisin go bhfuil nasc idir roinnt lasairmhoillitheach agus briseadh inchríneach, tocsaineacht fhorbartha, néarthocsaineacht agus carcanaigineacht.
Déanfaidh an Coimisiún Eorpach scrúdú ar thorthaí an fhiosrúcháin sin agus é ag déanamh cinnidh maidir le cé acu ar cheart srianta a chur ar roinnt de na ceimiceáin sin. Tá srian féideartha ar lasairmhoillithigh i ndoiciméad pleanála an Choimisiúin cheana, an Treochlár Srianta[8].
Tá na torthaí sin ábhartha don bhreithniú ar thodhchaí Rialacháin Dóiteáin Troscáin na hÉireann, rialacháin, sa riocht ina bhfuil siad faoi láthair, a thugann tacaíocht d’úsáid lasairmhoillitheach chun caighdeáin um fhriotaíocht in aghaidh adhainte a chomhlíonadh.
Forléargas ar an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí
Bunaíodh leis an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí (RSGT) a tháinig i bhfeidhm in 2024, creat dlíthiúil cuimsitheach agus nua-aimseartha chun a chinntiú nach gcuirtear táirgí tomhaltais ar mhargadh an AE ach amháin iad siúd atá sábháilte.
Tuigeann an Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta go dtugann an chuid is mó de na Ballstáit den AE aghaidh ar shábháilteacht dóiteáin troscáin chumhdaithe trí oibleagáidí ginearálta sábháilteachta táirgí seachas rialacháin shonracha sábháilteachta dóiteáin. Faoi chreat RSGT, táthar ag súil go ndearfar agus go ndéantar táirgí amhail troscán ar shlí nach gcruthaíonn guaiseacha intuartha dóiteáin nó ceimiceán do thomhaltóirí. Leis an tsamhail sin, is féidir le déantóirí cuspóirí sábháilteachta a chomhlíonadh gan úsáid cóireálacha áirithe amhail lasairmhoillithigh cheimiceacha a shainordú. Ina ionad sin, déantar sábháilteacht a mheas go hiomlánaíoch agus cuirtear dearadh an táirge, a ábhair agus timpeallacht bheartaithe lena úsáid san áireamh, mar a shainordaítear in RSGT.
Mar sin tá creat inmharthana, dlíthiúil agus praiticiúil in RSGT chun sábháilteacht troscáin a rialáil in Éirinn. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara freisin, sa chás go nglacfaidh Éire an t-aistriú chuig RSGT, go mbeifear in ann troscán a dhéantar le haghaidh mhargadh na Ríochta Aontaithe, i gcomhréir le rialacháin dóiteáin troscáin na Ríochta Aontaithe, a dhíol in Éirinn, a luaithe a mheasfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha go bhfuil sé sábháilte.
Tá feidhm ag RSGT maidir le gach táirge tomhaltais nach bhfuil faoi réir reachtaíocht sábháilteachta shonrach de chuid an Aontais Eorpaigh agus tá cosaintí láidre do thomhaltóirí ann, lena n-áirítear:
- An Ceanglas Sábháilteachta Ginearálta: Ní mór go mbeadh táirgí sábháilte faoi ghnáthdhálaí úsáide nó faoi dhálaí atá intuartha le réasún. Sa rialachán déantar breithniú ar thréithe, comhdhéanamh, úsáid bheartaithe, pacáistíocht, treoracha agus fógraí an táirge, agus ar na cineálacha tomhaltóirí ar dóigh dóibh é a úsáid, lena n-áirítear grúpaí leochaileacha amhail leanaí nó daoine breacaosta.
- Prionsabal Réamh-Aireach: Sa chás go bhfuil éiginnteacht eolaíochta faoi rioscaí don tsláinte nó don tsábháilteacht a d’fhéadfadh a bheith ann, tá cumhacht ag údaráis gníomhú go coisctheach ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí.
- Inrianaitheacht Fheabhsaithe: Ní mór d’oibreoirí eacnamaíocha inrianaitheacht ar fud shlabhra an tsoláthair a chinntiú. Áirítear leis sin an oibleagáid taifid soláthraithe agus custaiméirí a choimeád, faireachas éifeachtach ar an margadh a éascú agus gníomhartha a aisghairm nó a tharraingt siar más gá.
- Faireachas ar an Margadh agus Foláirimh Shábháilteachta: Le RSGT feabhsaítear comhordú i measc na mBallstát den AE agus neartaítear oibriú Safety Gate (ar ar tugadh RAPEX roimhe seo) de chuid an AE, rud lena gcumasaítear malartú tapa faisnéise ar tháirgí contúirteacha agus bearta forfheidhmithe gasta.
- Clúdach ar Dhíolachán Ar Líne: Tá feidhm iomlán ag an rialachán maidir le táirgí a dhíoltar ar líne, lena n-áirítear trí ardáin tríú páirtí, rud a chinntíonn go gcomhlíontar oibleagáidí sábháilteachta beag beann ar an mbealach díola.
- Oibleagáidí Gnó Soiléire: Ní mór do dhéantóirí, allmhaireoirí agus dáileoirí measúnuithe riosca ar tháirgí a dhéanamh, doiciméid sábháilteachta a choimeád agus teagmhais thromchúiseacha agus aistarraingtí a thuairisciú d’údaráis áitiúla.
Margadh Aonair an AE
Príomh-bhunchloch chomhtháthú eacnamaíoch an AE is ea an Margadh Aonair, rud a fhágann gur féidir le saorghluaiseacht earraí, seirbhísí, chaipitil agus daoine a bheith ar siúl ar fud na mballstát, gan teorainneacha inmheánacha nó constaicí rialála. Níl an margadh troscán in Éirinn ag teacht le Margadh Aonair an AE faoi láthair mar go bhfuil ceanglais rialála bhreise ar allmhairiú troscán isteach chuig Éirinn i Rialacháin Dóiteáin Troscáin na hÉireann, agus tugtar rórialáil air sin. Téarma a úsáidtear go forleathan is ea rórialáil chun cur síos a thabhairt ar cheanglais, rialacha agus ualach riaracháin sa bhreis arna bhforchur ag Ballstáit de bhreis orthu siúd a eascraíonn ó fhorálacha ar leibhéal an AE. Chun cothrom na Féinne a chinntiú ar fud an Mhargaidh Aonair agus dul i ngleic le hilroinnt agus le rórialáil, leag an Coimisiún Eorpach amach ina Theachtaireacht faoin gCompás Iomaíochais[9] níos luaithe i mbliana go saothróidh sé cur chuige láidir i leith comhchuibhiú iomlán agus forfheidhmithe.
Má bhíonn Éire ag leanúint de Rialachán Dóiteáin Troscáin na hÉireann a úsáid, ní mór go dtabharfar údar soiléir leis sin don Choimisiún Eorpach trí leas dlisteanach an phobail a léiriú agus ní mór a léiriú go bhfuil an rialachán riachtanach, cuí agus nach bacainn gan údar ar thrádáil é.
Roghanna Beartais
Tá an Roinn ag lorg tuairimí na bpáirtithe leasmhara maidir leis an dá rogha beartais seo a leanas:
Rogha 1: Rialacháin Dóiteáin Troscáin na hÉireann a Choimeád
- Rialacháin reatha lena gceanglaítear comhlíonadh tástálacha friotaíochta in aghaidh adhainte a choimeád;
- Leanúint d’úsáid lasairmhoillitheach a cheadú nó a éileamh chun na caighdeáin sin a chomhlíonadh;
- Leanúint de mhonatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí sa Ríocht Aontaithe a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar allmhairiú troscáin chuig Éirinn.
Na Buntáistí:
- Ardleibhéal leanúnach sábháilteachta dóiteáin;
- Ligfidh ailíniú rialála leanúnach leis an Ríocht Aontaithe do thrádáil leanúnach i dtroscán cé go bhfanfaidh caighdeáin na Ríochta Aontaithe mar an gcéanna.
Na Míbhuntáistí:
- Úsáid leanúnach lasairmhoillitheach a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh;
- Ceanglófar bonn cirt a sholáthar don AE maidir le heaspa chomhlíonadh chreat an Mhargaidh Aonair ina léireofar leas dlisteanach an phobail agus go bhfuil an rialachán riachtanach, cuí agus nach bacainn gan údar ar thrádáil é;
- Beidh bacainní trádála i bhfeidhm fós maidir le soláthraithe nach gcomhlíonann na caighdeáin sin;
- Féadfaidh na hathruithe atá le teacht ar rialacháin na Ríochta Aontaithe, agus na hathruithe féideartha sa todhchaí, cur isteach ar sholáthairtí troscáin d’Éirinn agus beidh gá le Rialacháin na hÉireann a thabhairt cothrom le dáta chun na hathruithe ar Rialacháin na Ríochta Aontaithe a léiriú, rud a choimeádfadh an neamhréir idir Éirinn agus an AE.
Rogha 2: Rialacháin Dóiteáin Troscáin na hÉireann a Aisghairm agus Brath ar an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí
- Rialacháin Dóiteáin Troscáin na hÉireann a Aisghairm;
- Éileamh go gcomhlíonann troscán oibleagáidí sábháilteachta ginearálta faoi RSGT, lena bhfuiltear ag súil go ndearfar agus go ndéantar táirgí amhail troscán ar shlí nach gcruthaíonn guaiseacha intuartha dóiteáin nó ceimiceán do thomhaltóirí;
- Measúnuithe rioscabhunaithe agus úsáid dheonach ábhar sábháilte a spreagadh;
Na Buntáistí:
- Ailíniú le creat rialála agus cleachtais tionsclaíochta an AE;
- Roghanna soláthair troscáin a leathnú d’Éirinn;
- Ceimiceáin chontúirteacha i dtroscán tí a sheachaint;
- Solúbthacht níos mó le haghaidh nuálaíochta agus dearadh inbhuanaithe.
Na Míbhuntáistí:
- Laghdú féideartha ar dhó-obacht i roinnt táirgí troscáin;
- Spleáchas méadaithe ar oideachas tomhaltóirí agus ar bhearta sábháilteachta comhlántacha.
Ceisteanna Comhairliúcháin
- An dtacaíonn tú le Rialacháin Dóiteáin Troscáin na hÉireann a coimeád nó a aisghairm? Leag amach na cúiseanna le do fhreagra le do thoil.
- Conas a d’imreodh aisghairm Rialacháin Dóiteáin Troscáin na hÉireann tionchar ar na grúpaí seo a leanas:
a) déantóirí, agus/nó
b) allmhaireoirí, agus/nó
c) tomhaltóirí?
Na Chéad Chéimeanna Eile
Cuireann an Roinn fáilte roimh aighneachtaí scríofa faoi 5pm ar an 11 Iúil 2025. Is féidir freagairtí a sheoladh chuig: furniturefireconsultation@enterprise.gov.ie
Foilseachán na n-aighneachtaí agus Saoráil Faisnéise
Caithfear le haon fhaisnéis phearsanta a thugann tú don roinn seo leis na caighdeáin um shlándáil agus rúndachta is airde agus ar bhealach atá i gcomhréir dhlúth leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2018. Mar sin féin, tabhair faoi deara an méid seo a leanas:
- féadfar an fhaisnéis a chuirtear ar fáil san fhoirm aighneachta a roinnt le ranna rialtais agus le heagraíochtaí Stáit ábhartha le linn an phróisis athbhreithnithe
- féadfaidh an roinn toradh na n-athbhreithnithe agus na n-aighneachtaí a fhaightear faoin gcomhairliúchán seo a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin
- toisc go bhfuil faisnéis a fhaigheann an roinn faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, féadfar an fhaisnéis sin a mheas le haghaidh scaoileadh féideartha faoin Acht um Shaoráil Faisnéise
- más mian leat faisnéis a chur isteach a mheasann tú a bheith íogair ó thaobh na tráchtála de, pearsanta nó rúnda, sainaithin an fhaisnéis sin i d’aighneacht agus tabhair cúiseanna lena mheas go bhfuil sé íogair
Cosaint Sonraí agus Saoráil Faisnéise
Ba mhaith linn d’aird a tharraingt ar Fhógra Príobháideachta um Chosaint Sonraí na roinne atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin agus a mhíníonn conas agus cathain a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanaimid amhlaidh agus conas a chaithimid leis an bhfaisnéis seo. Míníonn sé freisin do chearta maidir le bailiú do chuid faisnéise pearsanta agus conas is féidir leat do chearta a fheidhmiú faoi dhlíthe cosanta sonraí.
[1] San Ordú Taighde Tionscail agus Caighdeán (Sábháilteacht Dóiteáin) (Troscán Tí), 1995, I.R. Uimh. 316/1995 ( "an tOrdú") agus sa Dearbhú um Shonraíocht Chaighdeánach (Ceanglais sábháilteachta dóiteáin le haghaidh comhpháirteanna troscáin), 2011, C.É. 419:2011 (an "tSonraíocht Chaighdeánach") (is ionann iad i dteannta a chéile agus ‘Rialacháin Dóiteáin Troscáin na hÉireann’) socraítear leibhéil dó-obachta le haghaidh troscán cumhdaithe tí, troscáin agus fearais agus táirgí eile ar a bhfuil cumhdach ar mhaithe le sábháilteacht dóiteáin.
[2] Léirítear i dtaighde a rinne rialtas na Ríochta Aontaithe go raibh titim 67% tagtha ar bhásanna a bhaineann le dóiteán idir 1982 agus 2019. Thug an Ríocht Aontaithe a rialacháin dóiteáin troscáin isteach in 1988 agus is ionann Rialacháin Dóiteáin Troscáin na hÉireann agus rialacháin na Ríochta Aontaithe - Athbhreithniú domhain ar bhásanna a bhaineann le dóiteán agus taismigh thromchúiseacha i Sasana, 2010/11 go 2018/19 - GOV.UK
[3] David Rohde, Jonathan Corcoran, Michelle Sydes, Angela Higginson,
An ceangal idir aláram deataigh a bheith ann agus rátaí gortaithe agus báis: Athbhreithniú córasach agus meatanailís, Irisleabhar Sábháilteachta Dóiteáin, Imleabhar 81, 2016, Leathanaigh 58-63,
[4] Sainordú ón gCoimisiún Eorpach don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia chun lasairmhoillithigh a fhiosrú - 3e50850a-610d-385b-b5ed-b7dedb35cb46
[5] Jacob de Boer, Stuart Harrad, Martin Sharkey, An Straitéis Rialála Eorpach i leith lasairmhoillitheach – Ag dul an treo ceart ach riosca dul ar strae fós, Ceimisféar, Imleabhar 347,2024,
[6] Rialacháin Troscáin agus Fearais (Dóiteán) (Sábháilteacht) (Leasú), 2025: An Ríocht Aontaithe - GOV.UK
[7] Gníomhaíochtaí críochnaithe de chuid GEC maidir le srianta - GEC
[8] DocsRoom - An Coimisiún Eorpach
[9] 10017eb1-4722-4333-add2-e0ed18105a34_en