Nuacht & Imeachtaí

Seolann an tAire Coveney Scéim Tacaíochta Ceirisín d’Úsáideoirí Gnó

Sheol an tAire Simon Coveney TD scéim tacaíochta nua fuinnimh inniu do ghnólachtaí ar imir méaduithe suntasacha ar chostas Ceirisín i rith 2022 tionchar orthu.

Cúiteoidh an Scéim Tacaíochta Ceirisín d’Úsáideoirí Gnó (BUSSK) gnólachtaí incháilithe i dtaobh 50% de chostas méadaithe Ceirisín a ceannaíodh lena n-áitreabh gnó a théamh i rith na tréimhse ón 1 Márta go dtí an 31 Nollaig 2022, i gcomparáid leis an meánphraghas miondíola don tréimhse chéanna in 2021. Cuirfear íocaíocht íosta faoi ráthaíocht €500 ar fáil.

Is féidir le gnólachtaí a bhfuil áitreabh acu atá inrátáilte i dtaobh cúrsaí tráchtála de, agus a cheannaigh ar a laghad 1,000 lítear Ceirisín i rith na tréimhse incháilithe, iarratas a dhéanamh ar an scéim. Tá cóiríocht Leaba is Bricfeasta atá faofa faoin gCreat Náisiúnta um Dhearbhú Cáilíochta incháilithe freisin. Is féidir le gnólachtaí a fuair íocaíochtaí cheana féin ón Scéim Tacaíochta Fuinnimh Gnó Shealadach iarratas a dhéanamh ar BUSSK, agus is féidir le gnólachtaí a bhfuil áitribh iolracha acu iarratas a dhéanamh maidir le gach áitreabh.

Dúirt an tAire Coveney:

‘Gné mhór é costas fuinnimh in oibriú fhormhór na ngnólachtaí. Mhaolaigh tabhairt isteach na Scéime Tacaíochta Fuinnimh Gnó Sealadaí, chun tacú le cuideachtaí atá ag déileáil le costais mhéadaithe leictreachais agus gháis nádúrtha, tionchar na méaduithe an-suntasacha ar phraghas tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin i bhFeabhra 2022. Cuireann an scéim nua seo tacaíochtaí ar fáil do ghnólachtaí a bhraitheann ar Cheirisín ar mhaithe le cuspóirí téimh. Cabhróidh sé leis an ualach airgeadais a mhaolú a leag méaduithe gan choinne ar phraghas an fhuinnimh.’

Tá critéir iomlána cháilitheachta agus sonraí faoi conas iarratas a dhéanamh ar an scéim ar fáil ag an seoladh seo a leanas: www.bussk.ie. Beidh an scéim ar oscailt d’iarratais go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023.

CRÍOCH 

Nótaí don Eagarthóir

  • D’aontaigh an Rialtas i mBealtaine le scéim a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun cabhrú le húsáideoirí gnó Ceirisín ar imir méaduithe suntasacha ar chostas an bhreosla seo tionchar orthu.
  • Íocfar BUSSK go siarghabhálach agus cuirfidh sé íocaíochtaí ar fáil do ghnólachtaí le leath chostas méadaithe an Cheirisín a ceannaíodh sa tréimhse incháilithe a aisíoc ó Mhárta go Nollaig 2022, i gcomparáid leis an meánphraghas miondíola i rith na tréimhse tagartha ó Mhárta go Nollaig 2021.
  • Ba iad na meánphraghsanna Ceirisín i rith thréimhse incháilithe 2022 €1.32 an lítear, i gcomparáid le €0.70 an lítear i dtréimhse thagartha 2021.
  • Riarfaidh Fiontraíocht Éireann BUSSK, trí úsáid a bhaint as tacaíocht a thabharfaidh soláthraí seirbhíse seachtrach, agus úsáidfidh sé cistiú an TBESS nár caitheadh.
  • Beidh gnólacht incháilithe iarratas a dhéanamh ar BUSSK nuair is cuideachta, duine aonair féinfhostaithe nó comhpháirtíocht iad a thugann faoi cheird nó gairm, a bhfuil a mbrabúis inmhuirir i leith cánach faoi Chás I nó Chás II de Sceideal D de bhua Alt 18(2) den Acht Comhdhlúite Cánacha (CCRI), 1997.
  • Beidh comhlachtaí agus carthanas spóirt a thugann faoi ghníomhaíochtaí a bheadh inmhuirir i leith cánach ach atá incháilithe do dhíolúintí a leagtar amach sa TCA, laistigh de scóip na scéime.
  • Caithfidh áitreabh seasta a bheith ag iarratasóirí atá inrátáilte i dtaobh cúrsaí tráchtála nó caithfidh cóiríocht Leaba is Bricfeasta a bheith iontu atá faofa laistigh de Chreat Náisiúnta um Dhearbhú Cáilíochta Fháilte Éireann.
  • Caithfidh imréiteach cánach a bheith ag iarratasóirí ó na Coimisinéirí Ioncaim.
  • Ní bheidh gnólachtaí a fuair an tsuim uasta cheana féin a cheadaítear ón TBESS incháilithe iarratas a dhéanamh ar BUSSK. Ní féidir leis an tsuim iomlán a fhaigheann gnólachtaí ón TBESS agus BUSSK a bheith níos mó ná na suimeanna uasta íocaíochta faoin TBESS.
  • Ní bheidh gnólachtaí a úsáideann Ceirisín ar chuspóirí seachas téamh an áitribh incháilithe iarratas a dhéanamh ar BUSSK maidir le Ceirisín a úsáid do na cuspóirí eile seo.
  • Sa chás gur cheannaigh gnólacht idir 1,000 agus 1,999 lítear sa tréimhse incháilithe, déanfar buníocaíocht €500.
  • Dúnfar BUSSK d’iarratais an 31 Deireadh Fómhair 2023. Déanfar na híocaíochtaí go léir faoin Scéim roimh an 31 Nollaig 2023, ar aon dul le riachtanais Chreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe an AE, faoina n-oibreofar BUSSK.
  • Ní bheidh Ceirisín a cheannaítear le hairgead tirim incháilithe faoin scéim seo. 

Samplaí de rátaí íocaíochta

Cheannaigh Gnólacht 4,000 lítear Ceirisín i rith 2022 ar chostas iomlán €5,280.  Chosain an méid céanna Ceirisín €2,800 i rith thréimhse thagartha 2021.

Íocaíocht: €1,029

Cheannaigh Gnólacht B 8,000 lítear Ceirisín i rith 2022 ar chostas iomlán €10,560.  Chosain an méid céanna Ceirisín €5,600 i rith thréimhse thagartha 2021.

Íocaíocht: €2,058

Cheannaigh Gnólacht C 20,000 lítear Ceirisín i rith 2022 ar chostas iomlán €25,600.  Chosain an méid céanna Ceirisín €14,000 i rith thréimhse thagartha 2021.

Íocaíocht: €4,814

 

Críoch