7 Eanáir 2026
- €1.1 billiún le tacú le fiontar dúchasacha le fás agus méadú
- €400 milliún don turasóireacht
- €100 milliún le haghaidh láithreán mórscála don chéad ghlúin eile de dhéantúsaíocht leathsheoltóra agus cógaisíochta
Inniu d’fhoilsigh an tAire Fiontair, Turasóireachta agus Fostaíochta, Peter Burke TD, Plean Caipitil Earnála 2026-2030 a roinne mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta (PFN). Sa phlean leagtar amach mar a chaithfidh an roinn infheistíocht chaipitil €4.7 billiún i gcaitheamh na gcúig bliana atá romhainn chun bonn fiontraíochta agus fostaíochta na hÉireann a neartú, infheistíocht dhíreach ón gcoigríoch a tharraingt, nuálaíocht a chur chun cinn agus tacú le forbairt na turasóireachta ar fud gach réigiúin.
Ag labhairt dó faoi thosaíochtaí infheistíochta fadtéarmacha na roinne, dúirt an tAire Burke, “Seo an infheistíocht is mó riamh in éiceachóras fiontraíochta agus nuálaíochta na hÉireann, is éard atá ann ná gealltanas €4.7 billiún chun post, iomaíochais agus chun na todhchaí — lena gcruthófar an t-éiceachóras sofaisticiúil bonneagair agus nuálaíochta a éilíonn fiontair domhanda.”
Áirítear leis na príomh-leithdháiltí:
- Cabhrú le fiontair le tosú, fás agus méadú €1.12 billiún Tacú le fiontair dúchasacha trí dheontais Fhiontraíocht Éireann (€355 milliún), Fiontraíocht Áitiúil agus Forbairt Réigiúnach (€350 milliún), Clár Síolchaipitil agus Caipitil Fiontair (€250 milliún), agus Ciste um Méadú le haghaidh FBManna Éireannacha (€100 milliún).
- Infheistíocht isteach a tharraingt agus a chothú, €1.29 billion Infheistíocht trí GFT Éireann, lena n-áirítear €500 milliún i gcomhair réitigh réigiúnacha maoine agus €100 milliún le haghaidh láithreáin IDC den Chéad Ghlúin Eile chun tionscadail déantúsaíochta sofaisticiúla ar scála mór a bhaint amach.
- Nuálaíocht fiontraíochta agus tráchtálú, €1.33 billiún Maoiniú d’Ionaid Theicneolaíochta (€190 milliún), Ciste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha (€196 milliún), Cláir Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa (€170 milliún) agus €120 milliún le haghaidh tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEI)
- Forbairt agus cur chun cinn na turasóireachta, €400 milliún An beartas turasóireachta nua “A New Era for Irish Tourism” a chur i gcrích, lena n-áirítear €77 milliún i gcomhair margaíochta thar lear agus €200 milliún chun táirgí a fhorbairt.
- Dícharbónú fiontair, €300 milliún Tacú le tionscail le hastaíochtaí a laghdú agus aistriú chuig oibríochtaí ísealcharbóin.
Dúirt an tAire Burke,
“Ní féidir dul san iomaíocht i gcomhair deiseanna na todhchaí le hearraí ón am atá thart. Is ionann an plean seo agus infheistíocht chlaochlaitheach agus shuntasach i dtodhchaí na hÉireann. Trí Clár an Rialtais agus tríd an bPlean Forbartha Náisiúnta a chur i gcrích, tá na coinníollacha á gcruthú againn ionas go mbeidh rath ar ghnólachtaí, go mbeidh siad nuálach, agus go mbeidh siad san iomaíocht ar fud an domhain. Le hinfheistíocht €4.7 billiún an Rialtais, neartófar FBManna Éireannacha, tarraingeofar IDC a bheidh ceannródaíoch, agus tarraingeofar níos mó cuairteoirí chuig ár dtír, lena gcinnteofar go mbeidh rath ar gach réigiún.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Stáit um Fhostaíocht, Ghnólachtaí Beaga agus Miondíol, Alan Dillon TD:
“Tá an fhorbairt réigiúnach ag croílár an phlean seo. Trí hinfheistíocht spriocdhírithe i réitigh réadmhaoine agus i mbonneagar fiontraíochta, déanfaimid cinnte go mbeidh gnólachtaí i ngach cearn den tír in ann fás agus bheith rathúil.”
Ansin dúirt an tAire Stáit um Chur chun cinn na Trádála, Intleacht Shaorga agus Bunathrú Digiteach, Niamh Smyth TD,
“Is í an nuálaíocht a stiúrann an t-iomaíochas. Trí hinfheistiú i dteicneolaíochtaí bunathraitheacha, i gcomhar taighde agus i mbunathrú digiteach, tá Éire á suíomh againn mar cheannaire domhanda i ndéantúsaíocht shofaisticiúil, in Intleacht Shaorga agus i dteicneolaíochtaí an spáis.”
Tionscadail shamplacha
- Láithreáin IDC den Chéad Ghlúin Eile chun infheistíocht mhórscála i leathsheoltóirí agus sa bhithchógaisíocht a tharraingt.
- Ciste Méadaithe na hÉireann agus a clár Síolchaipitil agus Caipitil Fiontair a mhéadú chun tacú le comhlachtaí Éireannacha ardfháis le fás ina dtír féin.
- Moil fiontraíochta réigiúnacha agus ionaid ard-déantúsaíochta a fhorbairt faoi Scéim na Réigiún Cliste.
- Infheistíocht i mbonneagar turasóireachta agus i margaíocht thar lear chun aon mhilliún cuairteoir breise a tharraingt gach bliain.
- Tacaíocht do thionscadail um dhícharbónú fiontair chun spriocanna an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide a chomhlíonadh.
CRÍOCH