Nuacht & Imeachtaí

Tá infheistiú €17.8m sa bhreis déanta i dteicneolaíochtaí nuálacha faoi Ghairmeacha 4&5 den Chiste Nuálaíochta Teicneolaíochtaí Bunathraitheacha, a fhágann gur €306m san iomlán atá Infheistithe ón gCiste

20 Aibreán 2023

Rinne an tAire Fiontraíochta, Trádála agus Fostaíochta, Simon Coveney TD, an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris TD, agus an tAire Stáit do Chur Chun Cinn na Tradála, Cúrsaí Digiteacha agus Rialú Cuideachtaí, Dara Calleary TD, fógra inniu faoi chistiú do chúig cinn breise de thionscadail nuálacha faoin gCiste Nuálaíochta Teicneolaíochtaí Bunathraitheacha (DTIF). Tá dearbhú déanta ar €9.6m de chistiú do dhá thionscadal sa tríú sciar de dhámhachtana faoi Ghairm 4 DTIF agus tá dearbhú déanta ar €8.2m de chistiú do thrí thionscadal faoi Ghairm 5 den Chiste. Fágann sé seo gur cistiú €306m atá leithdháilte faoin DTIF, agus breis agus €173 milliún (56%) tugtha do pháirtithe tionscadail lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.

Leagann DTIF béim láidir ar an gcomhoibriú idir fiontraíochtaí, go háirithe GMBanna, agus institiúidí taighde na hÉireann. Tá GMB mar cheannasaí ar na cúig thionscadal ar fad, iad i mbun comhoibrithe le seacht bpáirtí eile fiontraíochta agus seacht bpáirtí ónár n-institiúidí taighde. Fuair 91 tionscadal DTIF ar fud na 5 Ghairm agus tá 340 páirtí i gceist, a bhfuil 213 díobh ina bpáirtithe fiontraíochta. Tá buntábhacht leis na ceangail idir na GBManna seo agus fiontraíochtaí níos mó – comhlachtaí ilnáisiúnta go háirithe – maidir le héiceachórais a fhorbairt agus meantóireacht a dhéanamh a chabhróidh le comhlachtaí áitiúla, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta ardacmhainne (HPSU), a neadú i gcuid slabhraí luacha na n-earnálacha ard-FDI. Dá réir sin, beidh níos mó den luach ag fanacht sa bhaile agus beidh tionchair bhreise ann a bheidh le leas ár GBManna agus an gheilleagair dhúchais.

Agus é ag fógairt na ndámhachtan faoi Ghairmeacha 4 agus 5 DTIF, arsa an tAire Fiontraíochta, Trádála agus Fostaíochta, Simon Coveney TD

“Tá an-áthas orm an fógra seo a dhéanamh faoin gcistiú ar thrí thionscadal faoi Ghairm 5 DTIF agus dhá thionscadal breise faoi Ghairm 4 DTIF. Roinnfidh an cistiú seo chóir a bheith €18m i measc na cúig thionscadal, rud a fhágfaidh gur €306m san iomlán an infheistíocht iomlán ón Rialtas i gcúig ghairm DTIF. Tabharfaidh an infheistíocht is déanaí seo deis €13m sa bhreis d’infheistíocht a aimsiú ó na páirtithe fiontraíochta, rud a fhágfaidh gur €176m san iomlán an infheistíocht ón earnáil phríobháideach atá déanta sna 91 tionscadal a fuair cistiú go nuige seo. Is díol suntais gur ónár GBManna dúchais a tháinig 88% den infheistíocht seo, rud is rannchuid shuntasach maidir leis an mbearna nuálaíochta a dhúnadh idir iad agus fiontraíochtaí móra ón iasacht ar mó an T&F a dhéantar iontu.

Tá na trí thionscadal Ghairm 5 dírithe ar an ard-déantúsaíocht, atá barrthábhachtach maidir le gach éiceachóras tionsclaíoch ar fud na hEorpa. Cabhraíonn ardteicneolaíochtaí tionsclaíocha mar iad ár neart eacnamaíoch agus ár n-acmhainn iomaíoch a chothú, agus éascóidh siad chomh maith an t-aistriú go geilleagar ciorclach agus an tionsclaíocht a dhícharbónú go tapa.” 

Chuir Simon Harris, an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta fáilte freisin roimh na dámhachtana DTIF seo is déanaí:  

“Tá tionscadail seo atáthar a fhógairt inniu ag cothú caidreamh nua idir gnólachtaí agus an earnáil taighde. Tá tábhacht leis na caidrimh seo maidir le deiseanna a chur ar fáil dár gcéimithe smaointe nua a chothú agus réitigh nuálacha a chur i bhfeidhm i dtaca leis na dúshláin atá os ár gcomhair mar phobal. Is léiriú é an €124 atá leithdháilte ar an 20 institiúid iontach taighde agus acadúil atá páirteach sna 91 tionscadal DTIF a dearbhaíodh go nuige seo an tiomantas leanúnach ag an Rialtas deiseanna fostaíochta ardluacha a chur ar fáil dár gcéimithe ardoilte. Mar sin, tá an Ciste ag déanamh rannchuid shuntasach maidir le scileanna ardoilte a chur i gceartlár an éiceachórais taighde agus nuálaíochta, atá ar na 5 cholún in Impact 2030, ár Straitéis náisiúnta don Taighde agus Nuálaíocht.”

Chuir Dara Calleary, Aire Stáit do Chur Chun Cinn na Trádála, Cúrsaí Digiteacha agus Rialú Cuideachtaí fáilte freisin roimh an gcistiú DTIF:

“Tá féidearthachtaí iontacha ag baint leis na cúig thionscadal DTIF atáthar a fhógairt inniu i dtaca leis na hearnálacha aeraspáis, déantúsaíochta agus sláinte, agus tá d’acmhainn acu cur le seasamh lárnach thionsclaíocht na hÉireann chun tosaigh ar an dul chun cinn teicneolaíochta sna hearnálacha barrthábhachtacha seo den gheilleagar. Ar aon dul lena lán de na tionscadail a cistíodh cheana sa DTIF, tá siad ag iarraidh teacht ar réitigh ar dhúshláin an phobail, tacú lenár ngealltanais cur le hacmhainn dhigiteach ár ngeilleagair, agus laghdú a dhéanamh ar ár lorg carbóin. Chomh maith leis seo, tá d’acmhainn ag na tionscadail seo deiseanna breise trádála a chur ar fáil d’Éirinn, agus faobhar a chur ar ár n-acmhainn iomaíochta, rud a chuirfidh le fás fadtéarmach an gheilleagair. Guím gach rath orthu.”

Dúirt Leo Clancy, AF Enterprise Ireland, agus é ag cur fáilte roimh an gcistiú:

“Tá an Ciste Nuálaíochta Teicneolaíochtaí Bunathraitheacha ag déanamh sochar don fhiontraíocht Éireannach agus i ngeall ar an bhfógra seo beidh tuilleadh arís ann, go háirithe do chuideachtaí a bhfuil an spás Ard-Déantúsaíocht agus Déantúsaíocht Chliste acu. Fáiltíonn Enterprise Ireland roimh an rannchúid shuntasach atá déanta ag comhlachtaí na hÉireann faoin DTIF go nuige seo. Tá na tionscadail Ghairm 5 ar éirigh leo ag úsáid forbairt thrialach agus taighde tionsclaíoch sna réitigh atá siad a mholadh agus tacaóidh seo lenár gcliaint dul san iomaíocht i margaí domhanda a bhfuil athruithe ag teacht go tapa orthu, a chabhróidh leo cur lena dtáirgiúlacht, agus tabharfaidh buntáiste shuntasach dóibh ina n-earnálacha féin.”

NÓTA D’EAGARTHÓIRÍ:

Ciste €500 milliún é an Ciste Nuálaíochta Teicneolaíochtaí Bunathraitheacha (DTIF) a bunaíodh in 2018 faoi Thionscadal Éireann 2040. Tá ceithre chiste dá leithéid bunaithe faoin bPlean Forbartha Náisiúnta (PFN) 2018-2027. Is í an Roinn Fiontraíochta, Trádála agus Fostaíochta a dhéanann bainistiú ar an DTIF le tacaíocht riaracháin ó Enterprise Ireland. Is é cuspóir an Chiste ná an comhoibriú a spreagadh idir bonn taighde na hÉireann, a bhfuil an-ardchaighdeán ag baint leis, agus an tionsclaíocht chomh maith le héascaíocht a dhéanamh d’fhiontraíochtaí dul in iomaíocht go díreach don chistiú mar thaca le forbairt na dteicneolaíochtaí seo agus glacadh leo. An bunchuspóir ná tacú leis an infheistíocht i bhforbairt agus in úsáid na dteicneolaíochtaí agus na bhfeidhmeanna bunathraitheacha ar bhonn tráchtála.

Rinne painéil de shaineolaithe idirnáisiúnta measúnú ar iarratais ar DTIF faoi Ghairmeacha 4 agus 5, le hais ceithre chritéar – cáilíocht na teicneolaíochta bunathraithí, feabhas an chuir chuige ina iomláine, tionchar eacnamaíoch agus inbhuanaitheacht, agus neart an chomhoibrithe. Tá mionsonraí na dtionscadal ar éirigh leo faoi Ghairm 5 agus na tionscadail is déanaí ar éirigh leo faoi Ghairm 4 leagtha amach sna táblaí thíos.

Ciste Nuálaíochta Teicneolaíochtaí Bunathraitheacha (DTIF) – Dámhachtana faoi Ghairm 5 (2022) 

Cur síos ar an Tionscadal

Baill an Ghrúpa

Réimse Taighde

Réigiún

Dámhachtain DTIF Iomlán

Déanfaidh tionscadal FreeForm-OPTIX scátháin inachmainne, ardsonraithe, beagmhaise, foirm shaor do mhargaí nua agus éiritheacha ardteicneolaíochta

 

1. Mbryonics Ltd;

2. EireComposites Teo;

3. Ionad Taighde Déantúsaíochta na hÉireann (IMR);

4. Ollscoil na Gaillimhe (OG).

Déantúsaíocht agus Comhábhair

1. Gaillimh

2. Gaillimh

3. Iarmhí

4. Gaillimh

€4.1m

Bunathrú Aeraspáis – Cóireáil eisídeach dromchla a bhunathróidh greamaitheacht na gcomhábhar.

 

1. ÉireComposites Teo

2. PlasmaBound Ltd

3. Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (TUD)

Déantúsaíocht agus Comhábhair

1. Gaillimh 2. BÁC 3. BÁC

€2.5m

Táirgeadh inbhuanaithe leis an uirlisiú cliste

 

1. iSentioLabs Ltd;

2. Croom Precision Tooling Ltd TA Croom Medical;

3. DePuy Synthes Ireland Unlimited Co;

4.  Schuf Valve Technology GmbH;

5. Coláiste na Tríonóide BÁC (TCD);

6. Ionad Taighde Déantúsaíochta na hÉireann (IMR).

Déantúsaíocht agus Comhábhair

1. BÁC 2. Luimneach 3. Corcaigh 4. Corcaigh 5. BÁC 6. Iarmhí

€1.6m

Ciste Nuálaíochta Teicneolaíochtaí Bunathraitheacha (DTIF) – Tríú Sciar Dámhachtana faoi Ghairm 4 (2021-2022)

Cur síos ar an Tionscadal

Baill an Ghrúpa

Réimse Taighde

Réigiún

Dámhachtain DTIF Iomlán

ATHENA: Teiripe agus Diagnóisic Mígréine

 

1. Capri Medical Ltd;

2. Silansys Semiconductor Ltd;

3. Tyndall National Institute

Sláinte agus Folláine

BÁC agus Corcaigh

€7.5m

PRO-ACTIVE: Faireachas gníomhach ailse próstataigh le monatóireachta fuail

 

1. Epicapture Ltd;

2. Eurofins Biomnis Ireland Ltd;

3. Ollscoil na hÉireann, BÁC (UCD).

Sláinte agus Folláine

 

BÁC

€2.1m

Sheol an tAire Fiontraíochta, Trádála agus Fostaíochta, Simon Coveney TD, an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris TD, agus an tAire Stáit do Chur Chun Cinn na Tradála, Cúrsaí Digiteacha agus Rialú Cuideachtaí, Dara Calleary TD Gairm 6 den DTIF ar an 8ú Márta.  

Gairm oscailte í Gairm 6, agus mar athrú ar na Gairmeacha oscailte eile a bhí ann go dtí seo, tá leathnú déanta ar an gcineál taighde atá incháilithe, sa chaoi go n-áireofar ‘taighde tionsclaíoch’ agus/nó ‘forbairt thurgnamhach’.

Chun an comhoibriú fiontraíochta a thiomáint, ní mór go mbeadh GBM amháin agus fiontraíocht amháin eile sa ghrúpa ina bhfuil trí pháirtí tionscadail ar a laghad. Beifear ag iarraidh go mbeidh comhoibriú leis an earnáil taighde Éireannach. Ní mór go mbeidh gach páirtí lonnaithe in Éirinn agus ina chliant reatha ag Enterprise Ireland, IDA Ireland, Údarás na Gaeltachta nó Eagraíocht Taighde (RPO) incháilithe.

Díríonn an ciste ar thionscadail mhóra ardtionchair taighde tionsclaíoch. €1.5 milliún an t-iarratas íosta ar chistiú, agus tionscadail trí bliana ar a mhéad. Ní mór do na páirtithe GBM comhchistiú a chur ar fáil agus ní mór do chomhlachtaí móra 60% den chistiú a chur ar fáil don tionscadal.

Gach iarratas a gheofar faoin spriocdháta 3 i.n. ar an 31ú Bealtaine 2023, cuirfear é faoi dhianscrúdú ag painéil de shaineolaithe neamhspleácha idirnáisiúnta le hais ceithre chritéar - cáilíocht na teicneolaíochta bunathraithí, feabhas an chuir chuige ina iomláine, tionchar eacnamaíoch agus inbhuanaitheacht, agus neart an chomhoibrithe.

Is féidir le hiarrthóirí gach eolas a fhail faoin gciste agus faoin bpróiseas iarratais ar enterprise.gov.ie/DTIF.

CRÍOCH