Nuacht & Imeachtaí

An tAire Dara Calleary le freastal ar an gComhairle Iomaíochta sa Bhruiséil

Beidh an tAire Stáit do Chur Chun Cinn na Trádála, Cúrsaí Digiteacha agus Rialú Cuideachtaí, Dara Calleary TD ag teacht le chéile leis na hAirí eile atá freagrach as an Margadh Inmheánach agus as Cúrsaí Tionsclaíochta ag cruinniú an lae inniu de Chomhairle Iomaíochta na hEorpa sa Bhruiséil.  Beidh an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Vestager agus na Coimisinéirí Breton agus Sinkevičius ag déanamh ionadaíochta do Choimisiún na hEorpa ag an gcruinniú agus is í Ebba Busch, Leas-Phríomhaire na Sualainne agus Aire Fuinnimh, Gnó agus Tionsclaíochta, a dhéanfaidh cathaoirleacht air, thar ceann Uachtaránacht na Sualainne.

Beidh na hAirí ag féachaint le Cur Chuige Ginearálta i leith na Rialála a chomhaontú agus creat a bhunú chun riachtanais éicidheartha a shocrú le haghaidh táirgí inbhuanaithe, rud a réiteoidh an bealach le haghaidh idirphlé trípháirteach leis an bParlaimint agus leis an gCoimisiún.

Arsa an tAire Calleary:

“Is cuid ríthábhachtach den aistriú glas é táirgí inbhuanaithe a normalú.  Tá lúcháir orm a bheith in ann tacú leis an togra uaillmhianach seo arb é a eascróidh as ná táirgí a bheidh níos marthanaí, níos iontaofa, níos in-athúsáidte, níos éasca a chothabháil, a athchóiriú agus a athchúrsáil, agus a bheidh níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh agus acmhainní de.”

Déanfaidh Airí breithniú freisin ar an bpróiseas is fearr trína bhféadfaidís iomaíocht an AE a mheas agus a luacháil agus trína bhféadfaidís a bheith ag obair chun an Margadh Aonair a dhoimhniú.

Chuir an tAire Calleary fáilte roimh an gcur chuige beartaithe agus é ag rá:

“Agus Airí tionsclaíochta agus margaidh inmheánaigh ag cur le timthriall rialaithe an Mhargaidh Aonair agus le comhráite straitéiseacha, is fearr a bheimid in ann breithniú a dhéanamh ar iomaíocht an AE agus ar an ról tábhachtach atá ag an Margadh Aonair i dtaca leis an iomaíocht seo a chur chun cinn.”