A nDéanaimid

Gnó atá tíosach ar fhuinneamh

Is costas suntasach é fuinneamh do ghnólachtaí, agus i margadh atá ag athrú cuireann sé deis láidir ar fáil d’eagraíochtaí smacht a ghlacadh, éifeachtúlacht a fheabhsú agus luach fadtéarmach a chruthú.

Measann Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) go bhféadfaidh an gnáthfhiontar beag agus meánmhéide a bhille fuinnimh a laghdú suas le 30% trí bhearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm agus gur féidir coigilteas 10% a bhaint amach gan mórán costas caipitil nó gan aon chostas caipitil ar bith.

Gníomhartha simplí chun úsáid fuinnimh a laghdú

Téamh

  • Ísligh do theas ag an teirmeastat. Méadaíonn costais thart ar 8% do gach méadú 1°C. Dá fhaide a bhíonn do theas ar siúl agus dá airde a shocraítear an teirmeastat, is ea is airde a bheidh do bhillí.
  • Trí theocht aschuir do choire a ísliú, tacófar leis freisin rith níos éifeachtúla agus níos lú breosla a úsáid (go minic beidh mód “eco” ar choirí).

Soilsiú

  • Múch soilse nach bhfuil in úsáid. Go háirithe, is minic a shoilsítear seomraí cruinnithe, limistéir stórála agus conairí gan ghá. Ná déan dearmad ar shoilse seachtracha a d’fhéadfadh a bheith an-chostasach le rith agus a bhféadfadh nach mbeidh gá leo níos déanaí sa tráthnóna.
  • D’fhéadfá níos mó ná 50% de choigilteas fuinnimh a dhéanamh trí aistriú ó sheansoilsiú neamhéifeachtúil go bolgáin LED.
  • Is réiteach den scoth ar chostas íseal é amadóirí agus braiteoirí a shuiteáil – d’fhéadfadh braiteoirí áitíochta amháin úsáid fuinnimh ó shoilsiú a laghdú 30%.

Trealamh Leictreach

  • D’fhéadfadh sé a bheith costasach trealamh leictreach a rith agus d’fhéadfadh sé fuinneamh a chur amú fiú nuair atá sé ar fuireachas. Múch trealamh nuair nach bhfuil sé in úsáid.
  • Bí cinnte go bhfuil tú ag úsáid do tháirgí leictreacha go héifeachtach. Mura bhfuil píosa trealaimh oifige á úsáid, múch é. Fiú amháin nuair a fhágtar trealamh ar fuireachas, féadfaidh sé fuinneamh a chur amú.

Cuisniú

  • Seiceáil teirmeastat do chórais chuisniúcháin agus ardaigh an teocht más féidir.
  • Féach ar chothabháil agus bainistiú rialta spásanna fuaraithe. D’fhéadfadh droch-chothabháil úsáid fuinnimh ó chuisniú a mhéadú suas le 10%.

Rinne Wholesome Kitchen, Muileann gCearr measúnú ar a n-úsáid fuinnimh agus rinne siad infheistíocht i dtrealamh atá tíosach ar fhuinneamh le tacaíocht óna nOifig Fiontair Áitiúil. Clois conas a bhain siad laghdú 30% amach ina lorg fuinnimh le dhá bhliain anuas agus a ngnó á fhás acu ag an am céanna.

Éifeachtúlacht fuinnimh a thuiscint, a mheasúnú agus infheistiú inti

Tuiscint

Tá ardáin ar líne saor in aisce ann chun cabhrú leat éifeachtúlacht fuinnimh a thuiscint agus conas is féidir leat athruithe beaga a dhéanamh chun do chostais a laghdú agus uisce a chaomhnú. Tá cláir ann freisin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi do chuid eolais agus scileanna inbhuanaitheachta níos leithne a fheabhsú.

Idir an dá linn, tá de dhualgas ar sholáthróirí fuinnimh, bíodh sin gás, leictreachas nó breoslaí soladacha, cabhrú leat dícharbónú a dhéanamh. Más mian leat cur chuige níos saincheaptha le haghaidh do ghnólachta féin go sonrach, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le d’Oifig Fiontair Áitiúil, SEAI nó cuairt a thabhairt ar an Mol Fiontair Náisiúnta.

Measúnú

Nuair a thuigeann tú cad atá i gceist, is féidir leat na roghanna atá agat a mheasúnú.

Leis an Tacar Uirlisí Aeráide do Ghnó, tugtar meastachán duit ar do lorg carbóin agus cruthaítear plean gníomhaíochta pearsantaithe chun cabhrú leat d’astaíochtaí agus do chostais fuinnimh a laghdú. Is féidir leat deontas a fháil le haghaidh iniúchadh fuinnimh ar do ghnólacht agus tacaíocht chun na réimsí ina bhféadfaí coigilt a aimsiú.

Infheistiú

Nuair a bhíonn tú réidh chun hinfheistíocht a dhéanamh, tá deontais agus iasachtaí rialtais ann chun cabhrú leat é sin a dhéanamh ar an mbealach is cost-éifeachtúla is féidir.

Tá deontais ar fáil chun:

Tá iasachtaí fadtéarmacha ar chostas íseal ann freisin chun an bhearna idir an deontas agus costas iomlán na hinfheistíochta a dhúnadh, chomh maith le dreasachtaí cánach chun infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíocht choigilte fuinnimh.

Conas atá gnólachtaí eile á dhéanamh

Tá FBManna ar fud na hÉireann ag fáil tacaíochta ón rialtas chun bheith níos tíosaí ar fhuinneamh.

Éist le gnólachtaí a bhfuil gníomh déanta acu agus atá ag féachaint ar na tairbhí anois.