Nuacht & Imeachtaí

Tá tuarascálacha maidir le freagraí ar agus torthaí an chomhairliúcháin phoiblí maidir le Straitéis Chóiríochta do Thurasóirí foilsithe ag an Aire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta, Peter Burke

22 Deireadh Fómhair 2026

Inniu, d’fhoilsigh an tAire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta, Peter Burke, dhá thuarascáil a d’eascair as an gcomhairliúchán poiblí faoi fhorbairt Straitéis Chóiríochta do Thurasóirí.

Tá léargas cuimsitheach le fáil sna tuarascálacha ar na tuairimí a léiríodh i rith an phróisis chomhairliúcháin agus cabhróidh siad le straitéis fhadtéarmach a fhorbairt a thacóidh le hearnáil cóiríochta do thurasóirí a bheidh inbhuanaithe, athléimneach agus iomaíoch ar fud na hÉireann.

Sa chéad tuarascáil cuirtear achoimre ar na freagraí faighte tríd an gcomhairliúchán poiblí i láthair, agus sa dara tuarascáil cuirtear príomhthorthaí agus léargas ón bpróiseas comhairliúcháin i láthair.

I rith an chomhairliúcháin phoiblí, a bhí ar siúl idir an 27 Aibreán agus an 29 Bealtaine 2026, lorgaíodh tuairimí ó bhaill den phobal, gnóthaí turasóireachta, soláthraithe cóiríochta, comhlachtaí ionadaíocha, údaráis áitiúla agus páirtithe leasmhara eile faoi fhorbairt earnáil cóiríochta do thurasóirí na hÉireann amach anseo.

Fuarthas 299 freagra ar fad tríd an suirbhé ar líne, agus fuarthas aighneachtaí breise ó eagraíochtaí páirtithe leasmhara. Tá anailís chainníochtúil ar fhreagraí an tsuirbhé agus anailís cháilíochtúil ar na tuairimí agus breathnóireachtaí a roinn rannpháirtithe le fáil sna tuarascálacha.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Burke nuair a bhí na Tuarascálacha á bhfoilsiú:

"Is mian liom buíochas a ghabháil le gach duine a ghlac páirt sa chomhairliúchán tábhachtach seo. Is fianaise iad na freagraí ar an spéis shuntasach atá ag daoine i bhforbairt earnáil cóiríochta do thurasóirí na hÉireann amach anseo agus tugtar léargas luachmhar iontu ar na deiseanna agus na dúshláin a bheidh os comhair an tionscail.

Is garsprioc thábhachtach é foilsiú na dtuarascálacha seo chomh fada is a bhaineann le forbairt na Straitéise Cóiríochta do Thurasóirí. Cabhróidh na tuairimí atá roinnte ag freagróirí chun a chinntiú go mbeidh an straitéis bunaithe ar raon leathan tuairimí agus go dtacaíonn sí le forbairt inbhuanaithe na hacmhainne cóiríochta ar fud na tíre." 

I rith an chomhairliúcháin lorgaíodh aiseolas maidir le ceisteanna éagsúla, lena n-áirítear soláthar agus éileamh cóiríochta, forbairt réigiúnach, inbhuanaitheacht, nuálaíocht, inrochtaineacht, bacainní ar infheistíocht agus riachtanais chóiríochta amach anseo. 

Tarraingítear aird sna torthaí seo ar raon tuairimí agus tosaíochtaí ar fud na hearnála agus cuirfidh siad leis an mbonn fianaise atá mar bhonn le forbairt na Straitéise Cóiríochta do Thurasóirí. 

Déanfaidh an Straitéis iarracht tacú le fás agus iomaíochas leanúnach na hearnála turasóireachta in Éirinn agus a chinntiú go gcuireann forbairt chóiríochta ar bhealach dearfach le pobail áitiúla, forbairt turasóireachta réigiúnaí agus inbhuanaitheacht chomhshaoil. 

Tá na tuarascálacha a foilsíodh inniu ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag: Tuarascálacha ar fhreagraí agus thorthaí an chomhairliúcháin phoiblí faoi Straitéis Chóiríochta do Thurasóirí a fhorbairt